Stáca Sheáin Duinn
Amhrán seoigh a cumadh faoi stáca coirce a chuaigh ar iarraidh ar fheirmeoir i bparóiste na Priarachta. Seán Ó Duinn ón gCinn Aird ab ea é. San amhrán deineann sé cur síos ar an bpreab a baintear as nuair a eiríonn sé amach agus gan tásc ná tuairisc le fáil ar a staicín coirce. Measann sé gur scuabadh Bá na Scealg amach é le linn tuile. Tá cur síos ann ar na háiteanna ar fad a bhain sé amach agus é ar thóir an staicín – Caisleán Bhaile an Sceilg, An Neidín, Loch an Choinleáin, Gairinis, Oileán Baoi, Baile Chaisleán Bhéarra, Carraig Lomáin, An Daingean agus Abhainn an Scáil. Ach i dtreo dheireadh an amhráin tugtar le fios gur bligeárd éigin ón áit faoi ndeara an stáca a bheith ar iarraidh. Do bhailigh Paddy ‘na Croise’ Ó Súilleabháin an t-amhrán seo agus é ar scoil i mBaile an Sceilg. D’aimsíodh roinnt véarsaí breise i leagan atá i mBailiúchan na Scol (1937) ó Bhaile an Sceilg. Síle Ni Shúilleabhain an dalta a bhailigh é ó Chonchubhair Ó Dálaigh (62 bliain), Cinn Aird, Baile an Sceilg. Ní fios cé chum (mura b’é Seán Duinn féin a chum!).
A humourous song about a stack of oats which went missing in the parish of Prior. The stack belonged to Seán Duinn from Kinard. The song describes Seán’s disappointment when he discovers his stack of oats is missing. He initially believes it has been washed in to Ballinskelligs Bay during an overnight flood. The song describes him searching far and wide for the stack, bringing him to places like Ballinskelligs Castle, Kenmare, Garinish, Dursey, Castletownbere, Lemon Rock, Dingle, Annascaul and Valentia. However, towards the end of the song we discover that the stack’s disappearance is down to a local blaggard. This song was collected by Paddy ‘na Croise’ Ó Súilleabháin while at school in Ballinskelligs. Additional verses were found in a version in the Ballinskelligs Schools’ Folklore Collection (1937). This version was collected by Síle Ní Shúilleabháin from Conchubhair Ó Dálaigh (62), Kinard, Ballinskelligs. Its composer is unknown.
Foinse: ‘Amhráintí Gaedhluinne agus Béarla’ (manuscript), compiled by Paddy ‘na Croise’ Ó Súilleabháin, Baile an Sceilg [via Mícheál Ó Leidhin, Mil an Ghoilín]. CBÉS:478:9-12.
Aréir in aisling is mé ag machnamh tar éis mé shíneadh
Is mo staicín tuí bheith i dtuinn dá bhádhadh
Is nach buartha a bhí m’aigne i gcaitheamh na hoíche
Le heagla gur daoine a chuir ann láimh.
Do samhlaíodh tré’m chodladh dhom gur ghaibheas go dtí é
Ní raibh mar a bhí ach luchaig ann ar snámh
Gur ghreadas-sa mo bhasaibh is gur chromas air é chaoineadh
Is gur chuardaíos gach díg de síos go dtí an Caisleán.
Gur phreabas-sa chun reatha féach an bhfaighinn gan mhoill é
Is do leanas barra taoide gur dhéigheas go dtí an t-Áth
Bhí gála agus tarrac ann agus b’éigean dom gabháil timpeall
Chun é chuardach arís go dtí Pointe na Ráth’
Bhíos-sa fuar leathta fé ocras is íocas
Is gan aon stór im thimpeall a cheannódh dom arán
Ó go rabhas-sa ag filleadh chun gur bhuail Seán a’ Doirín liom
Go dtug mo dhóthain bídh dom is bhí agam leis gá.
D’fhiafraigh díom an Flathartach cad é a sheol an tslí mé
Nó ar miste dhom é insint cad é an fáth gur fhágas Ceann Aird
Dúirt gur staicín coirce liom a bhí imithe tar éis na hoíche
Ag tuile de dhroim tíreach a sciob é amach fén mBá.
Do dheineas comhairle ar fharaire mar nach ag magadh fúm a bhí sé
Is chuardaíos Neidín di is Loch an Choinleáin
Ó gur thógas bád i nGairinis do chuir isteach go Baoi mé
Is is buartha cráite a bhíos-sa gan a thuairisc agam le fáil.
Do ghaibheas-sa ar bord smaice a bhí ag tarrac a cuid líonta
Is gur ghaibheas don scríb sin go Baile an Chaisleáin
Go ndúirt duine des na fearaibh liom go bhfeacaidh sé sa taoide é
Á phriocadh ag scata faoileann is é ar a shlí ag teacht ón Spáinn.
Nuair nár thiteas as mo sheasamh nuair a chuala an scéal dá insint
Is gur ghaibheas ar bord steamer chun go n-imeoinn féna dhéin
Tháinig gála agus farraige agus nuair nár cailleadh ar an slí sinn
Agus is fann lag a bhíos-sa ag breoiteacht im tour-áil.
Go ndúirt duine des na fearaibh liom go raibh gaoth aneas istoíche ann
Is go raibh sé ar an slí romhainn ó thuaidh chun Lomáin
Is mar a mbeadh sé againn fé eadartha gur sa Daingean a bhí sé
Is gur measa domsa díol as, ná cad a gheobhainn dá bharr
Nuair a shroiseamair an Daingean do dhíolas as an steamer
Is, is buartha, cráite a bhíos-sa, is gan a thuairisc agam le fáil
Níos dheineas mórán moilleachta ach gur chaitheas ruainne bídh ann
Is leanas barra taoide, agus treasna Abha na Scáil.
Ba mhór an trua sa deireadh mé, do bhí mo bhróga ag luí orm
Is an scéal ba mheasa arís dom, mo chabhail do bhí ag stropáil
Na cailíní óga ag magadh fúm nuair a chaithfinn bonn mo bhríste
Is, is fann lag do bhíos-sa is gan tointe ar mo chnámha.
Chun na nDumhacha is ea casadh mé, agus d'fhanas ann istoíche
Agus thug bean an tí dhom im agus arán
Gur éiríos ar maidin, chun bheith ag cur na slí dhíom
Ros Beithe agus Glísc, agus ins na Cealla do thógas bád
Gur chuardaíos é chun Dairbhreach agus an Góilín síos de
Rinn Cathrach mór-timpeall agus Caladh an Bháid
Treasna Cinn Dhuichealla chun gur chuireas Buaile Uí Chaoil díom
Agus an bealach aniar díreach ar Charraig Uí Spealláin
Sé uisce goirt na carraige do chuir ar measaí mé
Nuair a leogas-sa síos é ó Shéamus Ó Duileáin
Gur taidhrithe ab ea mo mhachnaithe i gcaitheamh na hoíche
Is ar maidin a d’fhéachas cruinn air is bhí sé romham sa tsean-áit.
Bhí a théada siúd briste agus a cheangalacha scaoilte
An t-aiteann do bhí ina thimpeall é caite amach fén mbán
Is gur bligeárdaithe a chuir tuile fé i gcomhair is ná feicfinn choíche é
Is maithim-se den tsaol choíche é ach do lucht an rangáis.
Seo duit síntiús airgid is cuardaigh arís é
Ceann Muice agus díg de agus Pointe na Ráth’
Is mara mbeidh sé fachta agat ansan ar theacht na hoíche
Téir go dtí an tSnaidhm agus codail ann go lá.