‘Sé Dónall binn Ó Conaill caoin
Sa bhliain 1828 bhain Dónall Ó Conaill suíochán amach i bParlaimint na Breataine tar éis dó fothoghchán i gCo. an Chláir a bhuachtaint. Ar a theacht abhaile do chuaigh muintir Bhordóinín go léir féna choinne go barra Chúm an Chiste. B’éigean do ghasra fear dul go bun an ghleanna agus cóiste an Chonallaigh a shá i gcoinne an aoird. Bhí an file Tomás Rua Ó Súilleabháin ina measc. Deirtear go ndúirt Tomás Rua an t-amhrán seo in ómós na hócáide agus an Conallach i mullach Chúm an Chiste ag éisteacht leis. B’é Séamus Ó Fiannachta (1874-1958) ó Chathair Dónall a d’fhoilsigh an leagan seo den amhrán in Amhráin Thomáis Ruaidh sa bhliain 1914. Ina réamhrá deir an Fiannachtach gurb é an tAthair Tadhg Ó Súilleabháin, a bhí i Londain, a chuir an t-amhrán ar fáil dó. Do fuair an sagart an t-amhrán ó bhéalaithris Liam Bradley a mhair i bhFearann na hAbhann, paróiste na Dromad.
Daniel O’Connell secured a seat in the House of Commons following a by-election in Co. Clare in 1828. On his triumphant return to South Kerry the people of Bordóinín were gathered on top of Cúm an Chiste to meet him. A group of men descended and pushed O’Connell’s coach against the steep incline. It’s said the poet Tomás Rua was amongst them. By way of marking the historic event Tomás Rua performed this song for the Liberator at the top of Cúm an Chiste. James Fenton (1874-1958) from Caherdaniel published this version of the song in 1914. In his introduction Fenton says the Rev. T. O’Sullivan (London) provided him with the song. He in turn had collected it from Liam Bradley, Fearann na hAbhann in the parish of Dromid. A number of recordings of the song exist, including ‘Maidin Bhog Álainn’ (2001) and a version recorded by Tim Dennehy on ‘A Thimbleful of Song’ (1996).
Foinse/Source: James Fenton, Amhráin Thomáis Ruaidh: The Songs of Tomás Ruadh O’Sullivan (1914) p.95-6.
‘Sé Dónall binn Ó Conaill caoin
An planda fíor den Ghael-fhuil
Gur le feabhas a phinn is meabhair a chinn
Do scól sé síos an chraos-shliocht;
Go bhfuil se scríte i bPastorína
Go maithfear cíos do Ghaelaibh
‘S go mbeidh farraigí breac le flít ag teacht
Isteach thar pointe Chléire.
In Uíbh Ráthach thiar tá an dragún dian,
Ár sciath ar iarthar Éireann,
Go bhfágfaidh iad go bráth fó chiach –
An t-ál so shéan an éide.
Fán is fiach dhá gcrá go dian,
Gan fáil ar iasacht scléipe,
Fé sháil an diabhail a ngrád go léir
Ach plá is pian dá réabadh.
‘San bhFómhar so chugainn ‘sea dhóifeam púirt
Le glór an Údair Naofa
Beidh Seoirse dubhach gan choróin, gan clú,
Gan sólás boird, gan féasta
Ólfam lionn is beoir le fonn
Is co-sheinnfeam tiúin den nGaeilge
Beidh bróga dubha ar gach óig-fhear clúmhail
Cé gur ró-fhada dhúinn dá n-éagmais.
Beidh ministrí gan strus gan phuimp,
Is ní rithfid chun cinn mar théidís,
Ní bhainfd cíos de Chaitlicibh,
Mar cuirfear síos na méirligh;
Beidh Dónall choíche ar a dtí
Go nglanfar cruinn ar Éilge iad
Nuair a bheidh an dlí fúinn féin arís
Ar theacht Emancipation.