Raithineach a Bhean Bheag
Amhrán ana-choitianta é seo i bparóiste na Dromad, go mórmhór soir i dtreo Bharra na hUíne agus is minic a chloistear é á rá sa lá atá inniu ann. Císte a dheintí as prátaí briste ab ea an steaimpí atá fé chaibideal san amhrán seo. Do bhailigh Fionán Mac Coluim roinnt mhaith leaganacha de, agus, go deimhin, bhí sé mar nós aige féin é a chasadh go minic. Tá Fionán agus an t-amhrán á rá aige le clos ar an ndlúthdhiosca Maidin Bhog Álainn.
A very popular song from the parish of Dromid, which can still be heard today, especially in the top of the Inny valley. The ‘steaimpí’ referred to in the song was a cake, or boxty, made from grated potatoes. The song collector Fionán Mac Coluim gathered many versions of this song and also liked to sing it himself. Fionán can be heard singing his own version of the song on the CD Maidin Bhog Álainn.
Foinse/Source: Máire Uí Shíocháin, Bun an Doirín, Maistir Gaoithe; Maidin Bhog Álainn.
Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na hUíne,
Ag iarraidh steaimpí nó cácaí milse,
Nuair a tháinig sí abhaile ní bhlaisfeadh fear an tí é,
Raithineach, a bhean bheag agus déanfaimid aríst é.
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, steaimpí agus im air,
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Is beag an mhaith an steaimpí mura mbeadh an t-im air.
Tá tigh mór fairsing i mBarra na hUíne,
Bíonn bean acu, á ghlanadh agus bean acu á scríobadh,
Bean eile acu á fháscadh ós cionn corcáin ar a dícheall,
Agus seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar an ghríosaigh,
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, steaimpí agus im air,
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach, a bhean bheag, agus déanfaimíd an císte.
Nuair a ghluaiseann Máire, Siobhán agus Síle,
Nóra agus Cáit is sásta a bhíonn siad,
An juga ar an gclár is an cháirt dá líonadh,
Is mo cheol go brách sibh a mhná Cois Uíne.