Paddy Liath agus an Sceilg

Súilleabhánach ón dTeamhar in aice leis an Lóthar ab ea Paddy Liath. Fuair sé scéala ó uaisle a bhí thíos ar an gCoireán go raibh fonn orthu turas a thabhairt ar an Sceilg. Bhí easpa triúr fear air Phaddy don gcriú agus b’éigean dó cuireadh a thabhairt do thriúr fear óg dul ina theannta ar na maidí. Cé gur iascairí a bhí iontu is léir ón amhrán go raibh an t- aistear farraige go dtí an Sceilg ró-mhaith dóibh. Ní mó ná sásta a bhí Paddy Liath le cumas na bhfear óg ar na maidí rámha agus murach na fir chríonna ní bheadh an bheart déanta acu. Bailíodh an t-amhrán seo ó Sheán ‘Jur’ Ó Móráin (78) sa bhliain 1935. Mhair Seán ‘Jur’ i mBun an Bhaile, in aice le Daire Fhíonáin.

Paddy Liath O’Sullivan was a renowned oarsman from Teamhar near Loher. One day he received word from some gentlemen in Waterville who wished to visit the Skellig Rock. Paddy attempted to gather his crew for the trip but found himself three men short. He was forced to ask three young from the locality to make up the crew. Although the three fished regularly along the mainland it seems the long arduous trip to Skellig proved too much for them, much to old Paddy Liath’s annoyance. He claims in his song that were it not for the old men in the crew they all would have perished. The song was collected by Tadhg Ó Murchú from Seán ‘Jur’ Ó Móráin (78) from Bun an Bhaile, near Derrynane, in 1935.

 

Foinse: CBÉ:149:35-38

‘S ar an bhfágaint an Choireáin do bhí an bá `ár gcoinnibh go géar,

Do bhí ceathanna `á thusáint is é lán sa bhfarraige thiar,

Ní raibh éinne go raibh máthair aige ná raibh ochlán uirthi ná feicfeadh sí iad,

Agus d’fhreagair na mná go raibh fáil ar fhearaibh ‘na ndiaidh.

 

‘S nuair a dheaghmair go Lomán bhí gáire geal ag an dtuinn,

Bhí farraige ard ‘s is álainn a ghearraimís thríd,

Mura mbeadh feabhas a bháid agus a rámha bhí uirthi chomh cruinn,

Sé dúirt mórán go bráth ná tiocfadh ár dtír.

 

‘S ar ár gcasadh arís bhí saoiste farraige `ár ndiaidh,

Do bhí sí ina leath-taoide `s is fíor gur dheineamair rian,

Bhí easpa braon dí orainn is puinn ní raibh againne dhon mbia,

Is mura mbeadh na fir chríonna choíche ní thiocfadh sí aniar.

 

Is do bhí ana-chriú againn ach triúr a bhí eadarainn óg,

Mar do thánadar chughainn le súil is go ndéanfaidís gnó,

Mhuise b’fhearra dhóibh siúd bheith sa chúinne `luascadh cliabh nó bunóc,

Ná iad a chuir chughainn-ne `na lúbairí marbh go leor.

 

Nuair a ragham san Oileán beidh ár gcriú in áirithe an oíche roimh ré,

Ní bheidh aon fhear a rámhfaidh fé bhun dachad blian d’aos,

Feisteom ár mbáid is ní fhágfam iad trasna insa ché,

‘S is doigh linn gur fearr sinn mórán ná lucht na mboscaod.

 

Is nuair a shuíeamair ar ceann cláir do bhí náire istigh ar mo chroí,

Ag fuanachtaí áir ná raibh namhad aige luascfadh a chír,

Mar do thug sé do Cháit é ‘s is álainn a chur sí é i gcrích,

Is do thug Cáit do Phádraig é ‘s is gearr go dtaga sé arís.

 

‘S go gcoimeádfaidh an t-ál go bráth iad ar mhullach a gcinn,

Ag bailiú préachán ó Thráigh na Spáineach go Carraig Ruisín,

………………………………………………………………………

‘S á ndíol ar a’ gCoireán go bráth le Company an Rí.