Oileán Buí 

Máire Bean Uí Shéaghdha, múinteoir i mbunscoil Chathair Samháin, a bhailigh an t-amhrán mar chuid de Bhailiúchán na Scol sa bhliain 1938. Muiris Ó Conaill, An Chillín Liath, a thug an t-amhrán di. Tá Oileán Buí, an baile fearainn atá luaite san amhrán, suite ar bhruach na hUíne i bparóiste na Dromad. Baineann an t-amhrán le traidisiún na haislinge. Tá lios atá suite sa bhaile fearainn luaite go láidir san amhrán agus de réir bhéaloideas na háite bhí cónaí ar na síoga ann. Deirtí chomh maith gur chuaigh muintir na háite i bhfolach i bpóirsí rúnda an leasa agus iad ag teitheadh ós na Danair. Deirtear gurb é Seán ‘Bruanach’ Ó Súilleabháin, file ón bhFaill Móir/ Cathair Saidhbhín a chum an t-amhrán agus é suite le hais an leasa go luath ar maidin.

 

This song was collected in 1938 as part of the Schools’ Folklore Collection by Máire Bean Uí Sheaghdha, a teacher in Cahersavane national school. Muiris Ó Conaill, Cillín Liath is credited as being the source. Oileán Buí is a townland situated on the banks of the river Inny in the parish of Dromid. The song takes the form of an ‘aisling’ – a political song where the poet is lamenting the fate of Ireland. While walking along the bank of the river at dawn he encounters a beautiful woman – a representation of Éire. The song is centred on a ringfort in the townland, reputed to be the home of the fairies. It was also said that people sought refuge there, using the ringfort’s secret tunnels to hide from the rampaging Vikings. Seán ‘Bruanach’ Ó Súilleabháin, a 19th century poet from Filemore/ Cahersiveen is believed to have composed the song early one morning as he sat near the ringfort.

 

Foinse/Source: CBÉS:474:347-349

 

Trácht na slí dhom trís gach céim

Le fáinne an lae is mé i gcéin cois abhann

Cois na hUíne bhí fém’ léidheadh

Is mé ag sméideadh ar ghaortha an leasa.

 

Cúrfá:

Is aoibhinn dán draoithe is dáimh

Scaoilfear cách atá fén amadh

Cífear Clár Uí Chaoimh gan spás

‘Ge an rí nach nár, tá’n báire ag casadh.

 

Is sásta thaobhaigh ríbhean mhaorga

Bíonn lá taobh liom is mé dá hamharc

Bhí scáil na gcaor ina gnaoi mar aol

Gan teimheal ón ngréin ar scéimh a leacan

 

Is aoibhinn dán draoithe is dáimh

Scaoilfear cách atá fén amadh

Cífear Clár Uí Chaoimh gan spás

‘Ge an rí nach nár, tá’n báire ag casadh.

 

A bráid is a píob do bhí mar aol

‘S dhá shúil aerach ghléigeal cailce

Gruaig a cinn léi síos go féar

Ar baois ‘na slaodaibh léi na beartaibh.

 

Is aoibhinn dán draoithe is dáimh

Scaoilfear cách atá fén amadh

Cífear Clár Uí Chaoimh gan spás

‘Ge an rí nach nár, tá’n báire ag casadh.

 

An tú Clíona mhín scoth Éireann

Do bhí ag Céad ach mar chéile sealad

Nó Ailne an ghrinn ó thaobh Chnoc Gréine

Shuighids nó reilteann Théitis canta.

 

Is aoibhinn dán draoithe is dáimh

Scaoilfear cách atá fén amadh

Cífear Clár Uí Chaoimh gan spás

‘Ge an rí nach nár, tá’n báire ag casadh.

 

A chairde an chroí is brí mo scéil díbh go léir

Go dtraochfar Danair

Is go bhfágfar sínte ar dhroim a chéile iad

Is go suífidh Gaeil go léir ina mbailtibh.

 

Is aoibhinn dán draoithe is dáimh

Scaoilfear cách atá fén amadh

Cífear Clár Uí Chaoimh gan spleáchas

Fé Lá ‘le Sheáin tá an báire casta.