Micí Sheáin Dáith ar Imirce
Amhrán é seo a bhí coitianta ar fud na dúthaí seo fadó, go háirithe i bparóiste na Dromad. Fear a mhair i gCathair Samháin gurb ainm do Micí Sheáin Dáith a chum é. De mhuintir Shíocháin ab ea é agus d’imigh sé ar imirce go Meiriceá. Níor thaithin an saol ansin thall in aon chor leis agus chum se an t-amhrán seo a chuireann síos ar an gcruatan a bhuail leis ann. Bailíodh an leagan seo den amhrán ó Sheán Mhicí Ó Súilleabháin (85 bliain d’aois) ó Chill an Ghoirtín sa bhliain 1935.
This was once a very popular song, especially in the parish of Dromid. It was composed by the poet Micí Sheáin Dáith Ó Síocháin who lived in Cahersavane sometime in the mid-nineteenth century. Micí Sheáin Daith was forced to board the emigrant ship to America and in the song he describes the hardship and homesickness he endures there. This version of the song was collected from Seán Mhicí Ó Súilleabháin (85 years of age) from Killagurteen in 1935.
Foinse: CBÉ:149:55-59
Ó is ba mhór é mo mhearthall an lá cheapas ar dul thar toinn,
Sa chountry dealbh so mar a tomhaistear chugainn ruainnín bídh
Búistéaraithe ag gabháil timpeall le rascalach ‘on fheoil gan saill,
Go rómhór é an bille le freagairt i gcionn an mhí.
Dá mbeinnse sa bhaile ní bheadh orm brón sa tsaol,
Dá mba bás dom ar maidin bheadh mo charaid ag trácht fém dhéin,
Mo chomharsain bhreá thaitneamhacha cé cheapfadh gurbh iad ab fhearr fén spéir,
Raghadh go dtí an teampall le capall is ná hiarradh aon phá ‘na thaobh.
Dá mba thoil leis an Athair-Mhac go dtagfainnse thar sáile arís,
Go Cathair Saidhbhín mar ab fhearra liom, mar a bhfuilid mo chairde-gaoil,
Tá mo ghaolta-sa go fairsing ar fuaid Dhairbhreach is Portmagee
Ón Snaidhm go dtí an Chathair is gan dearúd Bordóinín.
Ó ‘s Déardaoin ins an Chathair is mé im sheasamh ag Crois Sheáin Chinn Aird,[1]
Lem thrucaill bhreá dhearg agus feircíní ‘on im breá buí,
Nuair ólaim braon leanna is ná feadar cad é an taobh ‘á mbím,
Mo bhean is mo leanbh ag tnúth liom i gcomhair an tí.
‘S nuair a théinnse sa Chathair bhíodh mo bha beaga i mbrón im dhiaidh,
‘Na seasamh sa mhacha ag feitheamh chun go gcrúití iad,
Bhínn ‘á seoladh fén ngairbhthean gach maidean, sara n-éireodh an ghrian,
Ó’s is dóigh liom go mb’fhearr san na muilte is overseers.
Ó’s mo mhallachtsa go fairseag don té cháinfeadh a dhúthaigh féin,
A theanga go gcrapfaidh is nár fhanfaidh aon labhairt ina bhéal.
Mar níl aon ní is mó chealgann mé ná loisceann mé i lár mo chléibh,
Nuair a chloisimse sceampanna ag gearradh ar a ndúthaigh féin.
Dá n-éireodh an scamall den dtalamh ab fhearr sa ríocht,
Do raghainnse abhaile is bheadh agam prátaí arís,
Im agus bainne agus caitheamh is fáil mar bhí,
‘Gus marcaíocht sa Chathair a thógfadh an brón dem chroí.
Mo mhallachtsa ar an scamall is ar an té cheap Ciarraígh a chur ar fán an tsaoil,
Sa chountry dealbh so gan charaid gan puinn sa tsaol.
Dhá seoladh chun a maraithe is dá dheascaibh iad a’ tabhairt an fhéir,
‘Gus faraoir tinn deacrach tá san os ár gcionn go léir.
[1] Cros atá istigh i lár an bhaile (Cathair Saidhbhín) ‘Johnnie Kinards Cross” a thugann béarlóirí uirthi. Is dóigh liom gur de mhuintir Shúilleabháin ab ea S.C.