Marbhna Dhomhnaill Uí Chonaill

Deirtear gurb é Domhnall Ó Conaill, ó Chathair Saidhbhín ó dhúchas, a chum an marbhna seo sa bhliain 1754 agus é i bPríosún Chorcaí. Crochadh é an lá dar gcionn. Daoradh an Conallach chun báis de bharr an bhaint a bhí aige le marú John Puxely, oifigeach cánach a mhair i nDún Baoi i mBéarra. Gíománach ab ea Domhnall Ó Conaill do Mhuircheartach (Murtaí) Óg Ó Súilleabháin, smuigléir ó Bhéarra agus saighdiúir aitheanta a throid i mBriogáid na hÉireann in arm na Fraince. Ar an 10ú Márta 1754 bhí John Puxely agus a bhean ar a slí chun na heaglaise i mBaile an Chaisleáin nuair a stop triúr fear ar an mbóthar iad – Murtaí Óg Ó Súilleabháin, Seán Beag Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Conaill. Bhí cloch sa mhuirilt ag Murtaí Óg do Phuxely toisc go raibh saighdiúirí de chuid an oifigigh cánach luaite le marú duine muinteartha leis an Súilleabhánach tamall roimis sin. Sa chaismirt a lean do scaoil Murtaí Óg urchar le Puxely agus maraíodh ar an dtoirt é. Nuair a fuair na húdaráis cuntas ar an méid a bhí tarlaithe in iarthar Chorcaí seoladh buíon saighdiúirí ó Chorcaigh agus é mar sprioc acu an triúr a ghabháil. Ar an 4ú Bealtaine 1754 bhain na saighdiúirí tigh Mhurtaí Óig ar na hAoraí Beaga amach agus le dorchadas na hoíche chuireadar an áit faoi léigear. Sa chath a lean do maraíodh Murtaí Óg agus gabhadh Seán Beag Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Conaill. Tugadh an bheirt mar aon le corp Mhurtaí Óig chomh fada le Príosún Chorcaí. Crochadh an Conallach agus an Súilleabhánach agus cuireadh a dtrí cinn ar taispeáint ar spící  os cionn gheataí Phríosún Chorcaí. Níl aon fonn faoi leith luaite leis an amhrán seo ach os rud é go bhfuil véarsaí ón marbhna seo le fáil san amhrán cáiliúil ‘Priosún Chluain Meala’ tá na haon tseans ann gurb é an fonn céanna a bhí ag marbhna an Chonallaigh.

This lament is believed to have been composed in 1754 by Domhnall Ó Conaill, a native of Cahersiveen, as he awaited execution in Cork Gaol. Ó Conaill was hanged for his part in the killing of John Puxely, a revenue officer and magistrate who lived near Dunboy Castle on the Beara peninsula. Domhnall Ó Conaill was an attendant to Muircheartach (Murtaí) Óg Ó Súilleabháin, a well-known smuggler in Beara and a renowned soldier who had fought with the Irish Brigade in the French Army. On the 10th of March 1754 John Puxely and his wife were making their way to Sunday service in Castletownbere when they were confronted by three men – Murtaí Óg Ó Súilleabháin, Seán Beag Ó Súilleabháin and Domhnall Ó Conaill. Murtaí Óg was seeking revenge as soldiers acting on behalf of Puxely had been responsible for the killing of one of Ó Súilleabháin’s close relatives. In the skirmish that ensued Murtaí Óg fired a shot which killed Puxely. As soon as the authorities learned of the shooting of Puxely, soldiers were summoned from Cork and tasked with capturing the perpetrators. On the night of 4th of May a band of soldiers under the command of Lieutenant Appleton surrounded Murtaí Óg’s house in Eyeries. In the subsequent battle Murtaí Óg was shot dead, while both Seán Beag Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Conaill were captured. The two men, along with Murtaí Óg’s body were brought to Cork Gaol. The prisoners were eventually hanged and their three heads were put on public display over the gates of the gaol. The various sources for this lament fail to provide an air. However, as a number of verses from Ó Conaill’s lament also feature in the well-known song ‘Priosún Chluain Meala’, it is highly likely that both compositions share the same air.

 

Foinse/ Source: Ó Súilleabháin, D. (1940) Seanchas na Deasmhumhan, 135-136.

 

Mo chreach is mo chás bocht mar a thánga ar an saol so,

Nó mar a chonac riamh an lá úd do thánga go Béarra,

Cé gur agam a bhí an máistir dob fhearr a bhí in Éirinn

Tá ár n-anamacha go gránna aige i láthair an Aon Mhic.

 

A Dhia mhóir atá láidir, iarram grásta agus cabhair ort

Tá an chroch romhainn amáireach is gan fán ar an mbolta,

Beidh na sealáin d’ár bhfáscadh is na táinte d’ár mbodhradh

Ach guím Dia leat a mháistir cé gur fhágais ‘na bpower sinn.

 

A Mhoirtí a rí-mháistir, is cruaidh an cás thu bheith ró-lag,

Do cheann scartha ód’ chorp álainn is é anairde mar show acu

Do chonac-sa féin lá tú ‘s do chlaíomh sáite chun comhraic,

Is go ndéanfá-sa bearna tré ghardaí Rí Sheoirse.

 

Do shiúlas an Mhumhain leat is na cúigí mórdtimpeall,

Go harm an phrionsa, is mé ag iompar mo chlaímh leat,

Is sé Seón Puxley d’fhág dubhach sinn fé liúradh na daoirse,

I gCorcaigh fé lúbaibh is gan súil lenár scaoileadh.

 

I bPáras thugais barr leat, ins an Spainn fuairis title

Thug bantiarna an Chláir duit culaith lása ar fheidhme

Id’ chaptaen do thárlais ar ghardaibh na Fraince,

Ach go hÉirinn níorbh fholáir duit teacht spás chun ár gcaillte.

 

Is mó bantiarna mhúinte, is ní hionadh dubhach cráite iad,

Do bhíodh ar scríobh chugat chun breith chugat ar an áit seo;

Dá dtabharfá do long leat – ach ní thabharfá le rá é

Ná mar náire dod’ dhútha chun gur rúscadh le lámhach thu.

 

A mháistir na n-árann ba thrua leatsa mise

Le slabhraí ar mo lámha agam is glas trom ar mo chuislinn,

Madraí na sráide ‘om cháibhléidh ar fuaid gutaigh,

Ag ciorrú ar gach cnámh dhíom, is ar gárthaigh le mustar.

 

Dá mbeinnse in Uíbh Ráthach ní bheadh fán ar mo chomhgas.

Do bheadh sagairt is bráithre ag léamh páise ar mo chomhrainn.

Is mó óig-fhear mear láidir ó Ghleann Chárthaigh go Bólas

Gur thrua leis ar lár mé is gan fáil ar bheith beo agam.

 

A Chiarraíg bígí guí linn, is bog binn linn bhur nglórtha,

Mo bheannacht libh choíche, cé ná fillfidh mé beo oraibh

Mar beidh ár dtrí gcinn ar thrí spící mar show acu,

Trí sneachta na hoíche agus gach síon eile á ngeobhaidh leis.

 

A dheartháir na n-árann, ná fág mé go hAoine

Chun go gcuirfear chun báis mé is go ndéanfar mé a chaoineadh

Geobhair ór buí agus pláta is a bhfuil d’éadach im’ thimpeall;

Cuir i gcomhrainn chinn-chláir mé go breá suite im’ luí mé.

 

Tháinig an ministir seo chugainne is a ghúna go talamh air

Agus hata trí chúinne air ag súil lenár n-anmann

Do léimeas go hard agus ligeas lámh ar gach speara dhe,

‘S a Dhia mhór atá láidir beir amáireach ár n-anam leat.

 

Má théann tú go Béarra, is go bhfaighir éinne ‘om lorg ann

Inis dóibh gur éagas tar éis téarnamh ón gcogadh dhom,

Go mba chaol deas í mó chomhra is gur ró-bhreá í mo shochraid

Is gur i gcré bhuí na húire do fúigeadh im’ chodladh me.

 

Mo chreach is mo léan bhocht gan scéala agem’ mhuintir

Mé bheith daortha ar an gcóf so is gan beo agam ach go hAoine

Do dhéanfaidís comhra is bheadh tórramh breá im thimpeall

Siúd críoch ar shaol Dhomhnaill is go deo bíg’ ag guí leis.