Marbhna an Athar Tadhg Mac Cárthaigh

 

Marbhna nó caoineadh faoi bhás sagairt. De réir ailt a foilsíodh sa Kerry Sentinel (23.01.1897) dob é ‘John O’Sullivan’ ó Bharr na Sráide i gCathair Saidhbhín a chum an marbhna. B’é seo an file Seán Bruanach Ó Súilleabháin a chum mórán amhrán agus dánta i lár agus deireadh an 19ú aois. Mar seo a cuirtear síos ar an bhfile sa chuntas: “The writer of the elegy, John O’Sullivan, is a poor labourer of most exemplary life, residing in Top Street, Cahersiveen, with his aged and interim wife. Though well advanced in years he is still in the enjoyment of good health, and ever ready to earn a shilling by any light labour suited to one of his age, as the work of his hands, scanty and precarious though it be, is the only means of subsistence left to him.”  Thug an tAthair Tadhg Mac Cárthaigh dhá thréimhse mar shagart cúnta i gCathair Saidhbhín sarar cailleadh é de dheasca fiabhrais sa bhliain 1869. Bhí se 42 bliain d’aois agus seacht mbliana caite aige ag sagartóireacht in Uíbh Ráthach. Cuireadh é i gclós an tsean-shéipéil i gCathir Saidhbhín. Bailíodh an leagan seo den marbhna ó Mhuiris Ó Conaill i gCillín Liath i bparóiste na Dromad sa bhliain 1937. Máire Bean Uí Shé, múinteoir i Scoil Náisiúnta Chathair Samháin a bhreac síos an t-amhrán uaidh. Seán Bruanach Ó Súilleabháin a chum an marbhna de réir nóta atá sa lámhscríbhinn. Is cosúil go raibh an marbhna seo á chasadh coitianta. Bailíodh leagan eile do i bparóiste na Priarachta (CBÉ:S478:545-553, Scoil na gCailíní, Baile an Sceilg). Foilsíodh leagan eile den marbhna sa Kerry Sentinel 23.01.1897.

 

A lament composed following the death of a well-liked priest, an tAthair Tadhg Mac Cárthaigh (Fr. Timothy McCarthy). The song describes the shock and profound loss experienced across the parishes of Iveragh following his death. According to a column published in the Kerry Sentinel (23.01.1897), the lament was composed by ‘John O’Sullivan’ from Barr na Sráide, Cahersiveen. This was the well-known poet Seán Bruanach Ó Súilleabháin who composed many songs and poems during the mid and late 19th century. The column gives the following description of the poet: “The writer of the elegy, John O’Sullivan, is a poor labourer of most exemplary life, residing in Top Street, Cahersiveen, with his aged and infirm wife. Though well advanced in years he is still in the enjoyment of good health, and ever ready to earn a shilling by any light labour suited to one of his age, as the work of his hands, scanty and precarious though it be, is the only means of subsistence left to him.” 

The Father McCarthy commemorated in the lament spent two periods as curate in Cahersiveen. The priest died in 1869 having been struck down by fever. He was 42 years old and was buried in the grounds of the old church in Cahersiveen.

This particular version was collected from Muiris Ó Conaill, who lived in Cillín Liath, parish of Dromid. It was collected in 1937 by Máire Bean Uí Shé, a teacher in Cahersavane National School. In a brief note accompanying the lament its compostion is ascribed to Seán Bruanach Ó Súilleabháin. The lament seems to have been well-known on the peninsula. Another version was collected in the parish of Prior and can be found in the Schools’ Collection (1936) from Ballinskelligs Girls’ School (CBÉ:S478:545-553). The lament was also published in the Kerry Sentinel in 1897.

 

Foinse/Source: CBÉS:474:352-356.

 

M’osna faid a mhairfidh an Chathair gan scéimh áthais
Corcaigh, Ard Fhearta, Ceann Mhara agus Cill Áirne
Le dochma i ndiaidh sagairt, a cailleadh in Uibh Ráthach
Ár nAthair Tadhg Beannaithe cneasta, den Chlainn Chárthaigh.

 

Ón gClainn Chárthaigh d’eascair, ár bhflaitheartach gléigeal groí
Rí-scoláire laidne agus teachtaire Dé gan teimheal
Mo dhíth-shláinte é threascairt chomh tapaidh go tréith sa chill
Lomhaig Naomh Peadar ná fanfadh don té bhíodh síos

 

An té bheadh síos ‘na luí ar a leaba go tréith
Le haon aicíd do cloíodh le fearta Mhic Dé
Ar chléir ná díothaid, a dtéadh aon teachtaire a’ glaoch
Le géilleadh do Chríost is fíor go bhfreagarach é.

 

Do freagarach sé gach n-aon a bhíodh ina ghátar

Treascartha i bpéin go déarach, dealbh gan sláinte
M’ainnise dhaor lem saol ár sagart dea-cháileach
Carthanúil, séimh, do thraochadh i bhfad óna chairde

 

A chairde gaoil is fuíoch do silid ina dhiaidh
Ón Ráth go Snaidhm is timpeall Dairbhreach siar
Tá sráid Thrá Lí, Neidín is Cathair Áth Cliath
Dá dheasca ar baois, cois Uíne ‘s Daingean na gcliar.

 

Cliar ag fearaibh ní bhraithim, ná gáir na n-éan
Ná fiach ag marcaigh ar eachaibh i gClár Uí Néill
Tá an ghrian fé scamall ‘s ní amharcaim lán an ré.
D’éag ár sagart caoin, cneasta ba bhreátha scéimh.

 

Ba bhreá í a scéimh ‘s ba léannta d’inseadh scéal
‘S ba ghalánta í a mhéin, níor éilimh airgead ariamh
Dob fhearr leis déirc air chaonaí dealbh a riar
Bille álainn séimh do phréimh-shliocht Eochaidh ‘s Bhriain.

 

Brian is Breoghan, Eoghan is Ó Laoghaire
Tréada ár leoin ‘s pór-scoith na Milesians
Mo chiach mar ar feodh faoin bhfod ár Sagart Naofa
An chéad mhí d’Fhómhair ‘s gan comhaireamh ar a ghaolta.

 

Gaolta ár seabhaic is atuirseach dubhach atáid
Ar dhá thaobh Leamhan, ‘s ó sin go Condae an Chláir
Tá an chléir á chanadh gur b’easnamh an prionsa ar lár

Fear gléigeal cneasta nár pheacaigh go bhfuair sé bás.

 

Bás a fuair ár suairc-fhear milis gan cháim
Géagán duine uasail mhóir, do folcaim ón Spáinn
Mo shlán go cruaidh a chomhluadar-math is a dheartháir
Ná dheáidh fé bhuairt ‘s gach stuaire ar m’aithne tá.

 

Tá an pharóiste seo brónach cois Mainge is Lios Tuathail.
Ó dTórna, an Bán Mór agus Fearann na Tuaithe
‘S mo óigfhear dea-mhóideach ‘s ainnir dheas stuama.
Ón Lóthar go hEochaill dá dheasca go buartha.

 

Is buartha tá Gleann Chárthaigh is Bordóinín
Uaisle Chárthainn ‘s mná Chlainn Dhomhnaill Fhinn
Tuath na Blárnan, Ardadh ‘s fós, Cill Luidhimh
Ó fuair ár mbráthair bás le deonú Chríost.

 

A Chríost na bhFlaitheas dein foscadh agus dídean d’ár laoch.
Guím is aithchím ort seasamh gan díth don cléir,
A Bhanraíon na nAingeal beir ‘anam go Ríocht na Naomh.
Led íobairt bheannaithe ar tearmainn dílis Dé.

 

A Dhia na bhFeart do cheap led chumhacht an mhuir
‘S na céadta barc, a stad sa seoladh uirthi
Ná séan ár bhfhear ‘s tar le fóirthinn

Ar chliar na gceacht do scar linn. Ó mo sgrios!

 

Mo sgrios ár siollaire soineanta, séimh, sásta
Gaol na rithe, ‘s do bhoirb-fhuil Mac Cárthaigh.
Sé mo sgrubal mar cuireadh ár laoch láidir
Cois taobh a bhosca, ‘s an fhoireann go léir cráite

 

Is cráite tá Clár Luirc, ó Caiseal go Baoi
Cíonn tSáile, Port Láirge ‘s Duichealla dhá dhroim.
Is díobhálach d’Uíbh Ráthach, é threascairt sa Chill
Fear álainn, dea-cháileach, do bhí i gCathair Saidhbhín.

 

Tá Cathair Saidhbhín gan suim in aiteas ná i spórt
Cois abhann Loch Laoi, an Cuaisín, ‘s Doire Fhionnán Mór
Ó leagadh ár ngroí-fhear, siodúil, sagairt ar feo
Gaol Dhonnchadha an Ghlínn nár stríoc dá namhaid sa ghleo.

 

Mo ghleo na gcraobh tré m’aodaibh, gach pearsa sa tír
Ó Dóinn go Daod gan géim na tapadh ‘na gcroí.
Ach fuil-shrón dá séideadh ag réics ba ghaisciúil gnímh
Le brón ‘s léan, ó éag, ár Sagart maith caoin.

 

Ba chaoin an fear é, ag teacht thar Droing a gcian
Go bríomhar, mear ar each ná striocadh siar.
Mo mhíle creach, níor mhair sa tír ach bliain.
Le croí mór mhaith, ag teagasc daoine ó Dhia.

 

A Dhia na bhFlaitheas ar a anam dein trócaire
‘Gus iarr air taisteal faoi ghradam id ghlóire-se.
Ár ngrianfhear taitneamhnach seasamhach córach suilt
‘S mo léan bheith scartha anois feasta go deo leis sin.

 

Leis sin ba mheasa gach pearsa d’ár gcomharsanaibh
Chun creideamh ‘s eagna thabhairt dóibh. Ó mo scrios!
Ár bpolla maith sagairt, sa Cathair ar feo faoin lic
Agus stopfad dom s'dartha dá dheasca go deo m’osna.

 

Ó Muiris Ua Conaill
Cillín Liath
Máistir-Gaoithe
Cill Áirne