Maidin Bhog Álainn i mBá na Scealg
Tomás Rua Ó Súilleabháin
File mór Uíbh Rathaigh, Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1848), a chum an t-amhrán seo. Amhrán é seo ina ndeintear cur síos ar thuras farraige a deineadh chun na Sceilge Lá le Michíl (29ú Meán Fhómhair) – lá pátrúin Bhaile an Sceilg. Bhí an tAthair Diarmuid agus cuid dá pharóisteánaigh ag dul go dtí an Sceilg chun an tAifreann a cheiliúradh. D’éirigh stoirm mhór agus an turas á dhéanamh agus b’éigean dóibh casadh. Bhí an t-adh leo an cé a bhaint amach i bPort Mhic Aodha. Is léir ós na hamhráin eile go raibh ana-mheas ag Tomás Rua ar an sagart áirithe seo. Bailíodh an leagan seo den amhrán ó Dhónal Ó hÉilí, Cathair Saidhbhín, agus Pádraig Ó Spealáin, Rinn Ard ag tús an chéid seo caite. Foilsíodh é sa leabhar Amhráin Thomáis Ruaidh a scríobh Séamus Dubh Ó Fiannachta sa bhliain 1914. Tá sé le fáil chomh maith ar an ndlúthdhiosca Maidin Bhog Álainn, é á chanadh ag Máire de Barra.
This famous song was composed by Iveragh’s great poet, Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1848). The song describes an attempted boat trip to Sceilg Mhichíl on the festival of St. Michael (29th September) – Pattern Day in Ballinskelligs. Father Diarmuid had hoped to celebrate Mass on the sacred rock, when unexpectedly a great storm rose, forcing the boat to turn back. The song captures the relief of the passengers upon reaching the safety and warmth of a public house in Portmagee. This version of the song was collected by Séamus Dubh Ó Fiannachta at the turn of the last century. It was later published in 1914 in the collection Amhráin Thomáis Ruaidh: The Songs of Tomás Ruadh O’Sullivan.
Maidin bhog álainn i mBá na Scealg,
’Dul ag triall chun aifrinn ghrámhair Dé,
D’éirigh an tsuaill rómhór sa bhfarraige;
Le fuadar fearthainne, d’árdaigh gaoth.
Do mhachnaigh an chriú, ’gus is úmhal do chasadar,
Ag déanamh an chuain anuas chun Dairbhre,
Nuair bhéic an fear stiúir, as mo shuan do phreabas-sa;
Do bhíos im chodladh is dúisíodh mé.
Cé chífeadh an bád ar bhá an mhaidean úd,
Sá sé maide uirthi, is dob ard í a léim.
Nuair scaoileadar cnáib agus gardaí rámha uirthi
Gach clár ag cnagadh, agus í ag rás mar philéar!
Dheineamair í stiúradh ar chúrsa tarraingthe,
Sruthanna ag brú le siúl na hanairte.
Ní raibh luascadh ar an linn ón mBaoi go Daingean siar
Go ndeachamair go Carraig ghlas ard na Naomh.
Bhí carraig Lomáin mar chráin ag screadadh romhainn;
Ar tí sinn d’alpadh lenár dtaobh chlé;
Bealach na nÉamh do ghéim mar tharbh romhainn,
Is dar ndóigh níor thaise don Ghearánaigh éamh.
Céad moladh le hIosa Críost nár cailleadh sinn!
Is ná fuarthas sinn sínte i nduibheagán farraige.
Ach fanam arís go dtige an calma
Agus racham don Charraig le cúnamh Dé.
Bhí an tAthair Diarmuid go dian ag agairt
Ar Rí na nAingeal an chriú ’theacht soar,
Agus chualathas thuas é in uachtar Pharthais,
Nuair a dúirt an phaidir os ár gcionn go léir.
Ghlanamair Pointe Rinn gil’ Cathrach,
Bhí an Góilín thíos go mín tais calma.
Níor stadamair den scríob go ndeachamair dhon Chaladh
Is d’ólamair fleagan i dtigh Sheáin Mhic Aodha.