Maidhcín na Dranna

Bhí meitheal ag baint mhóna i bparóiste na Priaireachta agus chaith duine acu lasán ar an gcnoc. Bhí an aimsir chomh tirim sin gur las an cnoc go léir. Níor thug an té a chaith an lasán aon chabhair dóibh chun an lasair a mhúchadh. Ní raibh fear na meithle buíoch dó, mar dódh a lán d’acraí an chnoic. Do dhein sé an t-amhrán seo don nduine a las an tine. Máire Ní Mhurchú, a bhí i scoil na gCailíní i mBaile an Sceilg, a bhailigh an t-amhrán ó Phádraig Ó Leidhin, Cúm, sa bhliain 1938.

A meitheal were cutting turf in a bog in the parish of Prior  when one of the group carelessly threw away a match. The weather at the time was extremely dry and the whole mountainside caught fire. The man that threw the match didn’t assist the rest of the group as they attempted to bring the fire under control. The head of the meitheal was very annoyed with the man’s behaviour and composed an unflattering song about him. This song was included in the 1938 folklore collection made in Ballinskelligs Girls’ National School. It was collected by Máire Ní Mhurchú from Pádraig Ó Leidhin, Coom.

 

Foinse: CBÉ:S478:561-565.

 

A Mhaidhcín na Dranna nárbh olc an saighdiúir tú,

Nár sheasaimh do chúrsa chomh fada le cách,

Is i gceart lár an chatha do dheineadh an striúid díot,

Do fuarathas sínte thú i gceart lár an dóiteáin.

 

Go deimhin is go dearbhach is mór a bhís ciontach,

An tine gan múchadh is d’imís uainn ar fán,

Do gheibhis-se go beairic is do thugais do chúl linn,

Ag insint sa tslí dhuit go rabhais chun liostáil.

 

Mura mbeadh an duine úd gur deineadh ar an sciúirse,

Do thabharfaí chun cuntais tú sa díobháil,

Do chuirfí ort coiste go mbeadh dáréag sa jury,

Is gan daonnaí sa chúirt do labharfadh do pháirt.

 

D’éirigh an lasair is bhí an deatach ár múchadh,

Do séideadh an bugle ar bharra chnoc Chinn Aird;

Do glaodh ar an arm fé smacht an Leathlobharaigh

Do dhearbhaíodar lena chéile go seasóidís go dán.

 

Bhí ramhainne dá gcnagadh ann agus sluaistí dá lúbadh,

Bhí allas ar sileadh linn anuas ar an mbán;

Éistíg liom sealad a dhaoine dea-mhúinte

Chun go dtabharfainn liom cuntas cad a bhí ins an áit.

 

Do bhí an leabaidh don bhanbh ann, an t-aiteann mín cluthar

Do bhíodh age daoine á bhaint le grafáin,

Bhí caoire agus capaill taisteal ina dtrúpaibh ann

Asail is miúlanna, an gabhar is an mionán,

An giorria a bhíodh ó mhaidean ag madraí tabhartha,

Do chodail go súgach ann go dtabharfadh an lá.

 

Do bhí an buachaill seo bréagach, bhí sé iomarthach scléipeach

Ba mhór an iar-bhéil é á leigheas ag mná;

Do cuireadh braon fuiscí air d’iarraidh é a thógaint ,

Sé dúirt sé táim daortha i ngan fhios do chách.

 

Do labharfadh an breitheamh ‘sé an sentence do thabharfadh

É chur i bpríosún dubh isteach i gcoimeád;

Chun go dtráthfadh a ghoile, is go gcrapfadh a ghlúine,

Is go méadódh an drúnn air ar leabaidh chruaidh chláir.