Fágfad-sa an Baile Seo Amárach

Amhrán imirce a chum imirceach de bhunadh Uíbh Ráthaigh. B’as An Rinn Rua i bparóiste na Priarachta do Dhonncha Mac Cárthaigh. Meastar gur rugadh é timpeall na bliana 1905. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá agus é óg. ‘Muintir na Leamhna’ a tugtar ar an dtreibh des na Cárthaigh lenar bhain sé. Do chum Donncha Mac Cárthaigh mórán amhrán agus thugtaí an ‘Raithilleach’ mar leasainm air de bharr a chumas filíochta. B’é a chum an t-amhrán ‘Mo Shlán Beo Soir’ a cloistear in Uíbh Ráthach go fóill. Samhradh na bliana 1966 thug triúr iníon leis an gCárthach cuairt ar Bhaile an Sceilg. Do bhuaileadar le Molly Coffey agus do thóg sí siúd an t-amhrán uathu agus bhreac na focail seo.

 

This is a song about emigration composed by an emigrant from Iveragh. Donncha Mac Cárthaigh was from Rinn Rua in the parish of Prior. He subsequently emigrated to America. It is thought he was born sometime around 1905 or 1906. His branch of McCarthys were known as ‘Muintir na Leamhna’ (McCarthys of the Laune). Donncha composed many songs, ‘Mo Shlán Beo Soir’ being one of his better-known compositions. He was affectionately known as ‘An Raithilleach’ due to his prowess as a poet (a reference to the great 17th century Kerry poet Aodhagán Ó Raithille). In August 1966 three of Donncha Mac Cárthaigh’s daughters visited Baile an Sceilg and met Molly Coffey, who recorded and transcribed this song. A stained-glass window in the church in Dún Géagáin is dedicated to Donncha Mac Cárthaigh.

 

Foinse / Source: Molly Coffey (private collection)

 

 

Fágfad-sa an baile seo amárach

Ní chasfad go bráth im’ chionn

Go raghaidh mé go Corcaigh na nÁrthach

Agus tógfad gan spás mo long.

Beidh buthaire de ghal aisti anairde

Is an roth í turnáil fén stiúir

A aghaidh chun an mhuir mhór thábhachtach

Is í ag gearradh trí bharr na dtonn.

 

Sara chuirfead mo chos ar an árthach

Cuirfidh mé slán beo chugaibh

Inis leo ar talamh Naomh Pádraig

Agus pógfad an bán sa drúcht

Sí an Sceilg an radharc deiridh atá agam

Ar Inis geal bán na gcolúr

Agus m’amharc ag imeacht chun fáin uaim

Ar na clocha móra árda dubha.

 

Beidh mo dhroim i gcoinnibh na rálach

Is mo roscaibh atá go húr

Ar mhaolchnoic glasa Uíbh Ráthaigh

Agus baile an Ghleanntáin gan smúit

Beidh mo charaid ag triall go dtí an Pátrún

Ag canadh amhrán go binn

Is ag imirt le bruinneallaibh bána

Ag Tobar mór ard Michíl.

 

Ní eireoidh an spideoigín broinn-dearg

Ag seinm arís níos mó

Ná an chuach is í ag teacht tar éis an gheimhridh

Do scaipeadh dem’ chroí-se an ceo

Ná an lon dubh ar bharra na craoibhe

Ag mealladh an chroí mar ba chóir

Ná an smóilín ag canadh go haoibhinn

Gach maidin bhog aoibhinn sa bhfómhar.

 

Uaighneas ná scarfaidh mo chnámha

Ins an reilg dob fhearr sa ríocht

Mara cuirtear ar taobh thall den tsáile

Sea loiscim ar lár mo chroí

Go mbead scartha le hoileán na hÉireann

Gur bheannaigh an chléir san aoibh

Ach teanglóimíd ar fad lena chéile

Ar Flaithis na Naomh le Críost

 

Ól suas sláinte an Chárthaigh

Ar bhire-bhil ard na bhfiach

Lena gclaimhte ag troid ins an Grána

Ar Eaglais ard-cheart Críost

Ní chloisfidh sibh tuille amhrán uaidh

Ná spreagadh ar rannta grinn

Beidh a bheannacht ag teacht chugaibh thar sáile

Ar an raic ar an dtráigh seo thíos.