Duan na bhFiníní
Ar an 12ú lá de Feabhra 1867 thug Finíní Uíbh Ráthaigh faoin mbóthar go Cill Airne agus é beartaithe acu páirt a ghlacadh san ‘éirí amach.’ Breis agus 70 fear a bhí sa bhuíon agus iad faoi cheannas J.J. O’Connor ó Dhairbhre. Tugadh fogha fé stáisiún an Gharda Cósta sna Cealla, áit ar cheannsaíodar gunnaí agus lón airm. Tamall gearr ina dhiaidh sin, gar do Ghleann Beithe, do ghaibh póilín an treo ar chapall. Do scaoil duine dos na Finíní urchar leis an bpóilín, lámhachadh sa chois é agus leagadh é. Deineann an t-amhrán seo comóradh ar na heachtraí sin, maraon leis an ndianchuardach a lean teitheadh na bhFiníní trí shléibhte Uíbh Ráthaigh. Gabhadh cuid des na Finíní go gairid ina dhiaidh sin, ina measc bhí Johnny Golden. Seoladh ar phiansheirbhís go príosún Freemantle san Astráil é. Deintear caitheamh anuas san amhrán seo ar chuid dos na daoine a scéigh ar na Finíní – ina measc bean gharda cósta, Lizzie Goggin, bean a deirtear a thug fianaise finné in aghaidh Johnny Golden. B’é Thomas F. O’Sullivan a chuir an t-amhrán seo agus bailéad eile as béarla ar fáil don Kerryman sa bhliain 1950. Séamus ‘Dubh’ Ó Fiannachta ó Chathair Dónall agus ‘Sceilg’ (J.J. O’Kelly), ó Dhairbhre, a bhronn na hamhráin ar an Súilleabhánach.
On the 12th of February 1867 the Iveragh Fenians set out for Killarney to take part in a planned ‘rising’. The band numbered over seventy men, under the command of J.J. O’Connor from Valentia. The Fenians carried out a raid on the coastguard station in Kells where they secured a number of rifles and some ammunition. A short time later a policeman, Constable Duggan, approached on horseback. When he refused to halt, one of the Fenians (Conway) fired a shot, injuring the policeman in the thigh. The song commemorates these events and also recounts the subsequent search for the Fenians in the South Kerry mountains. Some of the Fenians were eventually arrested, including Johnny Golden who was convicted and sentenced to penal servitude in Freemantle prison in Australia. The song refers to a number of people who assisted the police in capturing some of the Fenians, including Lizzie Goggin, the wife of a coastguard who identified and gave evidence against Johnny Golden. This song was published along with another Fenian ballad (in English) in The Kerryman in 1950. The songs were supplied by Thomas F. O’Sullivan, who in turn received them from Séamus Fenton (from Caherdaniel) and ‘Sceilg’ (J.J. O’Kelly), from Valentia).
Foinse/Source: The Kerryman, 2ú Nollaig, 1950.
D’fhágadar slán ag an gCathair,
Is chuadar go daingean an Rí thoir;
As san leo go hEisc an chatha,
Mar a leagadar teachtaire pílear.
Curfá
Teaillí ágh ó, ágh ó
Teaillí ágh ó, mo bhuíon sibh
Teaillí agh ó, agh ó
Is ní bheirfidh aon namhaid oraibh choíche.
Bhí scafaire rua i dtosach orthu,
Is bhí Pádraig geal óg lár slí ann;
Ógánaigh uaisle ‘na n-imeall,
Nár bheirid aon namhaid orthu choíche.
Curfá
D’imigh uainn cléireach an tsagairt,
Ina bhfara do bhí máistir rince;
D’imigh Mac Conmhaí ‘an tSalainn’
Is mac snasta sáirsint na bpílear.
Curfá
Och! ó dheas go Gleann Chárthaigh do scaipeadar,
As san go dtí Barra na hUíne;
Aneas chun na gCorr leo ar maidin,
Is ag an Mám dóibh fé thiteam na hoíche.
Curfá
Bhí an Buitléarach ag faire sa Chathair orthu,
Do bhí agus Carson an pílear;
Is do bhíodh MacMathúna ag bladar leo,
Beagán den rath ar a shíolrach!
Curfá
Cuireadh feall-bhean ó Cheallaibh go Dairbhre
Is cuireadh ar árthach an Rí í;
Seoladh as san go Baile Átha Cliath í,
Féachaint cé dhéanfadh aon díon di.
Déanfar captaen fós dá leanbh,
Déanfar, nó taistealaí oíche;
Mion-éithigh a oirfidh go blasta dhó,
Mar d’oir sé dá sheanathair críonna.
Is cuireadh an Brianach go Dairbhre,
Is as san go dtí an cage-ín le Díospairt;
Cuireadh leo Péirsín cam anacrach,
Go lasaidh an fharraige aníos air.
Curfá