Díshealbhú Íochtar Cua
Baineann an t-amhrán seo le Mons a’ Chasúir Ó Súilleabháin, feirmeoir beag a cuireadh as seilbh in Íochtar Cua le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. De réir an tseanchais dob é Eoghan Ó Súilleabháin, aibhéardaí an Tiarna Talún, a chuir Mons as seilbh agus bronnadh an gabháltas beag ar Mhícheál Óg, duine muinteartha leis an aibhéardaí. Fágadh Mons agus a chlann ag lorg déirce agus iad ag braith ar na comharsain chun greim bídh a sholáthar. Ach bhí an saol ag luí go dian ar gach éinne agus bhí bia gann. Ghoill sé seo ar Mhons mar cheap sé go raibh an bia a cheilt ar a chlann féin. Síle Ní Chonaill ós na Tuairíní, a bhí ag freastal ar scoil an Ghleanna Mhóir, a bhailigh an leagan áirithe seo den amhrán ó Bhairbre Ní Shúilleabháin, Íochtar Cua.
This song deals with the eviction of Mons a’ Chasúir Ó Súilleabháin, a small farmer from Íochtar Cua. The eviction took place during the Great Famine and was overseen by Eoghan Ó Súilleabháin, the landlord’s agent. The small holding was subsequently leased to Mícheál Óg, a relative of the agent. Mons and his family were left to fend for themselves and were depending on neighbours to provide them with food. Times were difficult throughout the parish and food was scarce. However, Mons believed some people had sufficient food but were unwilling to share it with him, so in anger he decided to compose a song about them. This particular version was collected by Síle Ní Chonaill, a pupil in Glenmore National School, from Bairbre Ní Shúilleabháin, Íochtar Cua.
Foinse / Source: Uí Shé, Máire Bean (1991) An Ghlaise Ghlé, lch. 24-26.
Deir Léan sa Mhacha go n-íosfadh Pádraig Bán an saol,
Is deir Máire Ní Mharcais go n-íosfadh Bod Buí dá réir,
Dá bhfaighidís mise sa bhaile ní íosfainn orthu náda an tsaoil
Is mairfeadsa feasta is mo leanbh ar ár n-ábhar féin.
Ithe agus stolladh ní obair ná ábhar é,
Dá labharfadh an pobal ní haon ní le rá liom féin.
Dá n-ólfainn mo scilling go minic i meán a’ lae
Do thiocfainn abhaile go beannaithe i ngrásta Dé.
Moladh le Mac Mure maireann muintir mo chéile fós,
Conchúr is Donncha is Parthalán gléigeal óg.
Bia gan aon doicheall do chonac-sa á riaradh ar bord
Is déanfaidh siad mise chomh saibhir leo féinig fós.
Ní chreidfinn ón sagart ná go bhfaighinn mo chuid féin ó Eoghan.
Mo phaiste beag tailimh bhí grafaithe réidh go leor.
Dá bhfaighinn urra nó banna do dhéanfadh dom féin aon treo
Do sheasóinn an talamh chomh fada le Mícheál Óg
Dá bhfaighinn-se m’asal sa bhaile agus ábhar síl,
Maide agus satailt go daingean lem’ ramhainn arís,
Do chuirfinn-se beatha d’fheara is do mhná a’ bhaill
Is ní mhaoifinn go fairsing dá n-ithfidís pláitín bídh.