Dónall Ó Conaill 

Is mó amhrán a cumadh sa cheantar mar mholadh ar Dhónall Ó Conaill, nó an Liberator mar a thugtaí air. File dárbh ainm dó Diarmuid Ó Súilleabháin a chum an t-amhrán áirithe seo tar éis don gConallach fothoghchán a bhuachtaint i gCo. an Chláir agus suíochán a bhaint amach i bParliamint na Breataine sa bhliain 1828. Meastar gur saolaíodh Diarmuid Ó Súilleabháin, nó ‘Diarmuid na Bolgaí’ mar a thugtaí air, i dTuath Ó Siosta timpeall na bliana 1750. File cumasach ab ea an Súilleabhánach, gur mhair a chuid saothair ar bhéalaibh daoine go maith isteach sa 20ú aois. Maireann, chomh maith, mórán eachtraí agus scéalta grinn faoin bhfile sa bhéaloideas. Tá léiriú ar a chumas filíocht agus amhráin a chumadh as a sheasamh i gcuid mhaith dos na scéalta sin.

Songs in praise of Daniel O’Connell, the Liberator, are plentiful in the Irish tradition, both in English and Irish. This one was composed by a poet called Diarmuid Ó Súilleabháin following O’Connell’s success in the Co. Clare by-election of 1828. Despite a ban on Catholics, O’Connell eventually secured a seat in the British House of Commons following this election success. It’s believed Diarmuid Ó Súilleabháin, known locally as ‘Diarmuid na Bolgaí’, was born near Tuosist around 1750. He was a competent seaman and a gifted poet. Many of his songs and poems survived in folk memory well in to the 20th century. There is also a large collection of stories involving the poet. Many of these stories highlight Ó Súilleabháin’s ability to compose songs and poems on the spot.

 

Foinse/ Source: Seán  Ó Súilleabháin, Diarmuid na Bolgaighe agus a Chomhursain (1937), p.45.

 

Tá soilse suairce ó Phoébus ar ghaorthaibh i gCúigí Fáil,

Is ceolmhar atá éin ann, a’s ar ghéagaibh is cumhra bláth;

Is aoibhinn cuach ag pléireacht, tá éigse na Mumhan dá rá

Gur sciob ár bprionsa Gaelach an chraobh leis ó thrúip na námhad.

 

Ó Scóta seoladh an laoch chugainn go léann siad lucht údair aird.

Den bhfuil ógail cróga dhéineadh le laochas ‘na tabhairt ón Spainn;

Murchadh an urchair éachtaigh do léirigh Maolmórdha tláth,

Fuair Ó Conaill cead pléireacht gan buíochas i gCúigí Fáil.

 

Ní haon ionadh liom dá scéifidís in aonacht go Cuan Fionn Trá,

Loch Rí, Loch Rua, Loch Eirne, agus Loch Léin na mílte bád.

Tá an Uíne, an Ruachtach, Claodach, an Fhéile ar an dtuairisc fháil,

Tá an Laoi go suairc ag géimrigh agus a héigse gur mór le rá.

 

Féach gaol cróga an tréin-fhir thug Béara gan phúir ón Spáinn,

Do dhein concas leath na hÉireann le tréine a’s le neart a lámh;

Sé Dónall Ó Conaill ó Éirinn, ó Léin-Loch a’s ó Dhoire Fhionán,

Mar a mbídís cuacha ar ghéagaibh ag pléireacht, a’s uaisle stát.

 

Ní haon ionadh liom mar dhéanfadh, ní bheidh baol air ná buairt ná namhaid,

Bíonn grásta an Uain Naofa gach lae aige agus cumhacht ina láimh.

Tiarnaí Bhealach Béime a’s ón réim sin go hAbhainn an Scáil,

A’s Iarla Tuamhan ‘s a ghaolta, agus Phoenix na gCruach go barr.

 

Níl aon trácht ar thuairisc Chaesair do réabadh gach cúirt ar lár,

Ná thar churaíbh na Féinne nár staon riamh i gconcas namhad;

Planda de dhream na féile fuair daonnacht agus clú ins gach áit,

Agus do thóg an ceo so d’Éirinn, ar thaobh deas na Mumhan sea d’fhás.

 

Tá an rí a’s an prionsa dá dtraochadh a’s ní staonfaid gan dul thar sáil,

Agus Wellington dá thréine é go bhfuil éigse ghá thabhairt chun lámh;

Beidh fós an Duke fé néallaibh agus ní féidir a thuairisc fháil,

Ó tá saoithe Fódhla a’s éigse dhá léir-chur i gcrú mar tá.