Diarmuid na nAe Istigh
Diarmuid Ó Loingsigh ab ainm do bhuachaill a liostáil in arm Shasana. Do dhíol a mhuintir giní as agus scaoileadh abhaile é ach tháinig an lá go raibh sé ar meisce agus liostáil sé arís. Bhí sé tógtha anonn go Sasana nuair a fuair a mhuintir amach cá raibh sé agus dhein a mháthair an t-amhrán seo air. Dónall Ó Curnáin, Málainn, a thóg an t-amhrán óna athair (80 bliain) i 1938.
Diarmuid Ó Loingsigh was a young man who enlisted in the British army. His parents managed to secure his release from service at a cost of a guinea. Unfortunately, a few days later, while drunk, Diarmuid enlisted once more. By the time his parents were informed Diarmuid had already been carried away to England. It’s said that his mother composed this moving song.
Foinse: CBÉS: Cill Mhic Iarainn: 118.
A Dhiarmuid na n-ae istigh is náire an scéal liom
Mar dheaghais fé dhéin dul san arm cruaidh
Do mhuintir aosta gan bia gan éadach
Ag siúl na hÉireann go déanach duairc.
Mara mbeadh iad a bheith chomh haosta is nár chruaidh Dia an saol acu
Ní raghainn chomh géar chun tú a leagadh anuas
Mar do thugadar réim duitse bia agus éadach
Cead scríobh agus léamh chun gur aoisis suas.
Scaladh is díth ort nár thug dóibh moill bheag
Go gcuirfeá síos iad go cruinn fán bhfód
T’athair críonna go buartha ina intinn
‘S gruaig a chinn leis á bhrígh do stróic.
Do dheirfiúr dílis ní chodlaíonn sí an oíche
Ní itheann puinn ‘s ní chuireann suim ina gnó
‘S dúirt sí go ndíolfadh sí an bounty arís leo
Ach gur dheaghais thar tuinn sara chuala sí an sceól.
Níor mhór do mháthair mar bhí sí cráite
Dul an stáir sin go Corcaigh mór
Ag lorg na háite go mbíodh an garda
‘S na bearraics lán díobh ar bhruach an chuain
(Níor dhein sí gearánta) is níor dhein sí dánta
‘S níorbh é ba chás léi ach ag gol go cruaidh
Ag siúl na sráide‘s na tithe tábhairne
Féach an bhfeicfeadh sí a grá geal ag gabháil síos nó suas.
Lá arna mháireach nuair a gheal an lá uirthi
Do shuigh sí síos ar na fleaigí crua
Ag guí chun an Aird-Mhic is chun Muire Máthair
Gan Sergeant Grady a ligint buan.
Mar bhí ór is plátaí á gheallúint gach lá aige
‘S ní fheicfí gátar as sin suas
Ceolta is dánta is puins ar chlár ann
‘S tithe bána gan braon anuas.
Ní hionadh domhsa bheith go brónach
I dtaoibh le Nóra bhur ndiaidh go léir
Mícheál is Dónall d’imigh romhatsa
‘S chuaidh ag feochadh uaim síos fán gcré.
Níl tráthnóna ná maidin ró-mhoch
Ná silim deora nuair bhím liom féin
‘S go deimhin is dócha nach buan bhur ndeoidh mé
‘S dá bhinne ceolta ba bhinn liom iad.
Ná bí dearúdach nuair raghair id room isteach
‘S tacfair ar do ghlúinibh roimh codladh go sámh
Do phaidreacha dúbailt le hiomarca dúthracht
Ag iarraidh cúnaimh ar Rí na nGrást.
Nuair a bheidh na piléir á rúscairt, iad á chur bun os cionn leat
‘S dein mo chomhairle i dtosach do shaoil
Cé gur thrua go deo liom nár fhéachais romhatsa
Sarar chuais le cróin-phoic thar lear i gcéin.
Críochnaigh scór leo nó bliain na dheoidh sin
Do phinsin geobhair is tar id dhúthaigh féin
Cuir do dhóchas i Rí na Glóire
‘S tabharfaidh sé beo tú thar n-ais gan bhaol