Coill Bhrennan 

Amhrán seoigh é seo faoi thine a lasadh i gcoill i bparóiste na Priarachta ar a dtugtaí Coill Bhrennan. Tá sé le tuiscint ón amhrán go raibh fir agus mná óga i mbun cúirtéireachta sa choill. Bhí deoch mheisciúil á n-ól acu agus nuair a chuadar ar meisce tugadh tine don gcoill trí thimpist. Do chuaigh sé dian orthu an tine a cheansú agus í mhúchadh. San amhrán deintear cur síos greannmhar ar an bhfiosrúchan a lean an loisceadh. Deirtear gurb é Mícheál Ó Móráin ó Sosa i bparóiste na Priarachta a chum an t-amhrán. Bhailigh Tadhg Ó Murchú an t-amhrán ó dheirfiúr an fhile, Síle Bean Uí Chonaill, sa bhliain 1938. Bhí Síle 83 bliain d’aois ag an am agus í ag maireachtaint i bPort Mhic Aoidh.

A humorous song which describes a fire that went out of control in ‘Brennan’s wood’ in the parish of Prior. The song tells of a group of young men and women who were courting in the wood. They were also drinking alcohol and when they became drunk a fire was started accidently. They had great difficulty in bringing it under control. The song recounts the burning of the wood, but also the subsequent investigation as to what caused the fire is described in a humorous manner. Mícheál Ó Móráin from Sosa is said to have composed the song (he eventually emigrated to America). The song was collected by Tadhg Ó Murchú from the poet’s sister, Síle Bean Uí Chonaill, in 1938. Síle was 83 years of age when Tadhg met her and she was living in Portmagee.

 

Foinse/ Source: CBÉ:531: 307-312

 

An ceathrú lá fichead de Mhárta ar mhúscailt do Phoébus,

Maidean Dhomhnaigh bheannaithe ‘sea dhearcas ainnir mhaorga,

Ar séirse tríos na múncachacha le cúrsaí coimhéigin

Ag dul go tigh an mhangaire chun a ceasnaithe a réiteach.

 

Nuair a chonaic an páithneach bladartha go raibh a toice i ndaorbhroid

Do thug di síntiús airgid mar chneasaithe ar a géibhinn.

Ar an gCill a chuaidh chun Aifrinn ‘s gur theangmhaigh orthu gaolta

Is go dtugadar leo braon dramanna agus groceries ó Chéapus.

 

Agus thiar i bPáris bheannaithe do fuaireadar an braon so

D’fhuiscí ‘ bhí mór-mearathaill do cheannaigh Peig Ní Shé dóibh,

Buidéal álainn fairseag de go bhfaigheadh a sweetheart tréat de

Nach ansúd a deineadh an chreach orthu nuair a lasadar Coill Bhrennan.

 

Nuair a bhí an tine ag leathadh orthu do ghearradar tríos na maolchnoic

Agus shíleadar gan dearúd go ndéanfaidís escaping.

Níor cheapadar mar mheasaim-se go raibh aon chuntas ar a mbréithre

Go dtug Cáit mar news abhaile léi gurb iad a dhein an braétse.

 

Is d’imigh sé go tapaidh is gach ribe ina éirligh

Diarmuid an fear ceannasach do bhí ina receiver,

Tháinig sé go haibidh ann is allas air le taoscadh

Go bhfaigheadh sé cuntas gasta ar cad a dhein an blaze ann.

 

I dtigh Dhónaill Dúilligh is ea múscalaíodh do an méid sin,

Go raibh gasra de chúileanna i gcúinne ag cúirtéireacht,

Is na hóigfhir múinte bhí ag diúgadh na mbraonta,

Chuir scamaill ar a súile is d’fhág fé lúramh na géaga.

 

“Más mar sin a tháinig an cúrsa,” arsa é, “tabharfam cuntas air don agent,

Féachaint conas mar a thabharfaidh dóibh siúd a luach saothair.

Tháinig return chuige siúd go raibh cúirt ann chun pléite,

Go gcuirfí ‘on phríosún iad ag súgradh le chéile.

 

Is sé Hatchell a bhí leo fábharach níl amhras bréig ann,

Is tuisceannach a labhair sé i dteannta an Bhuitléaraigh

Do chuir Murchadha glam as go raibh an clampar ró-éachtach

Go ngearrfaí fíneáil throm ar an dream do bhí daortha ann.

 

Tuata mná do labhair leo go toghail ins an Ghaolainn,

Gur toicí óga gan mheabhair iad ná raibh ina gceann aon éifeacht,

Go b’é Séamus Maitiú mheall í lena cham-bhréithre claonmhar

Is do dtacfadh sé bheith freagairt i gcionta lá an réitigh.

 

Is do labhair Maitiú leis an ósta mara b’eol don tséimhfhear

Nach é Séamus a chuir aon stró ar a fóisc dhubh in aon chor.

Go dtáinig sí ina threo chun é sheoladh óna ghaoltaibh,

Is go mbogfaidís an bóthar ar nós na bhfia-géanna.

 

In Ard Costa mar a mheasaim-se tá na farairí ciúin béasach

Go dtugaid na béithe taitneamh dóibh le neart is feabhas a bhféithibh

Go dtugaid notice tapaidh dóibh chun teacht don choill dá mb’fhéidir

Is go ndéanfaidís dinnéar fairseag dóibh agus dramanna ina dhéidh sin.