Cogadh an Gharráin
Cuireann an t-amhrán seo síos ar chath mór a tharla an nGarrán ar an 4ú lá de Mhárta 1923, le linn an Chogadh Cathardha. Maraíodh poblachtánach amháin agus seisear saighdiúr de chuid Arm an tSaorstáit sa chaismirt. Ina measc bhí Dan Clifford (Poblachtánach), Timothy O’Shea ó Chathair Saidhbhín (Arm an tSaorstáit) agus William Healy ó Dhairbhre (Arm an tSaorstáit). Tugtar eachtraí an lae úd chun cuimhne chomh maith in ‘The Heathery Slopes of Gurrane’ - amhrán eile a cloistear sa cheantar go fóill. Bailíodh an t-amhrán áirithe seo sa scoil náisiúnta i gCaisleach sa bhliain 1936 mar chuid de Bhailiúchan na Scol. Seán Ó Dálaigh ó hOileán Buí a bhailigh é ó Mhícheál Ó Móráin, Caol an Fraocháin. Deirtear i nóta beag a ghabhann leis an amhrán gurb é Mícheál Ó Móráin féin a chum an t-amhrán.
This Civil War song commemorates the ‘Battle of Gurrane’ which was fought on the 4th of March 1923. One Republican and six Free State soldiers were killed in the engagement. They included Dan Clifford (Republican), Timothy O’Shea from Cahersiveen (Army) and William Healy from Valentia (Army). The events of that day are also remembered in another well-known ballad ‘The Heathery Slopes of Gurrane’. This Irish language song was collected in Caisleach national school in 1936 as part of the Schools’ Folklore initiative. It was collected by Seán Ó Dálaigh, Oileán Buí, from Mícheál Ó Móráin, Caol an Fraocháin. In an accompanying note it is stated that the song had been recently composed by Mícheál Ó Moráin himself.
Foinse/ Source: CBÉS:474:297-8.
An ceathrú lá Márta fé sléibhte an Ráithín
Do thosnaigh an gráscar is ar an nGarrán do críochnaíodh
Nuair a síonaigh na páinigh bhí i ngarda an Rí,
Chun Éire bhocht chráite do choimeád fé shlabhraí.
Níor fágadh aon stactar ó Chorcaigh aníos,
Ón Clár go dtí an Ghaillimh is timpeall Trá Lí
Ná go rabhthas á dtarrac i gcaitheamh trí mhí,
Go dtí Workhouse na mBeathach is Cathair Saidhbhín.
Bhíodar aneas ann ó timpeall Neidín,
Gleann Chárthaigh, Gleann Beithe is anall thar Góilín,
Bhíodar ón gCoireán is cuid acu ón Snaidhm,
Agus lán árthach cogaidh ó Dhairbhre an ghrinn.
Bhíodar chomh tiubh is do bheadh na druidí,
Mór-timpeall na gCorra is Cíll Ó gCnáimhín
Tír na hAillte le fánaidh is soir Tír Ó mBaoill
Is aduaidh tríd an Bhearna agus siar go Ráithín.
Ní raibh pounder ná Thompson ná gunna machine,
Ná go rabhthas a dtarrac i gcaitheamh coicís’
Ach dá mhéid é a ndóchas i bhfórsaí an Rí,
Bhíodar leonta agus breoite ag gabháil síos an gharraí.
Céad míle buíochas don Athair Síoraí
Do dhein sinn a shaoradh ó ainspriodaí an fhill
Do tháinig istoíche ar scáth na mollaí,
Chun an bhuíon bhig do thraochadh ná geilleadh don Rí.