Caoineadh Sheáin Uí Shúilleabháin

 

De threabhchas Dhomhnaill Chaim Uí Shúilleabháin an fear atá á chaoineadh sa mharbhna. Bhí se ina chónaí le hais Loch Mochaoinleáin ar an dtaobh theas de Bhá Chinn Mara. Bádh an fear bocht Lá ‘le Michíl (29ú Meán Fómhair) agus é ag triall ar an bpátrún i mBaile an Sceilg. Bhí sé ar Thrá na hUíne agus é ag treasnú na habhann san áit ar a dtugtar an ‘Ferry’ nuair a rug an sruth air. Deirtear gur file de mhuintir Bhiorainn a cheap an marbhna seo. Tadhg Ó Murchú a bhailigh.

The man commemorated in this lament is said to have been a member of the Domhnall Cam branch of the O’Sullivan clan. He lived near Loch Mochaoinleáin on the southern side of the Kenmare River. The unfortuante man was drowned on the Inny Strand as he travelled to St. Michael’s Pattern in Baile an Sceilg. He attempted to cross the Inny river at the place known locally as ‘The Ferry’ but was swept away by a strong current. The lament is said to have been composed by a poet of the Biorainn clan. It was collected by Tadhg Ó Murchú.

 

Foinse/ Source: CBÉ:217:243-245.

 

Is scíosmhar atá do mhuintir agus is dubhach ‘s duairc

Nuair a chífid an líonradh sa spéir aduaidh

A ghroí-fhear de shíol-shliocht na saor mear suairc

Ag sruth coimhthíoch na hUíne nár ghéill d’fhear cuaird.

 

Id chuardaibh ó ghluaisis a leoin gan smúit

Den fhuil, uaibhreach uasal sin Bhéara chlúmhail

Sé mo chruatan nár bhuaileas id threo sa tsiúl

Sarar ghluaisis go huaigneach fé thóir na dtonn.

 

Sí an tonn í d’fhág smúit cheart in Éirinn spás

Do mhúscail gach púir-chreach i mBéara an stáird

An chrú geal de phlúr-stoc na bhPhoénics ard

Dá thuirling sa tsrúill is gan aoinne id’ pháirt.

 

Id’ pháirt-se, a Sheáin, dá mbeadh Donnchadha is Eoghan

Is an ráib-fhear go ngáirmíd Marcus na dtreon

Do shnámhfadh an lán-mhuir go dtugaidís leo

An sáirfhear do fágadh gan tapa, mo bhrón!

 

Mo bhrón mar níl t’shamhalacht le fáil sa rúm

A shuairc-fhir den fhuil uasail sin Dhomhnaill chlúmhail

An Rí Cumhachtach ó dheonaigh do ghairm chun siúil

Go ndéinid eolas is treo duit go Cathair na nDúl.

 

Is umhal atá oird agus Eaglais Dé

Ag dúbailt na n-údar ina n-athanta féin

Sa chuntas go dtabharfaidh an t-anam bocht saor

Sa chúirt ghil go gcónaítear aingil is naomh.

 

Is naofa gach aoinne ar an bhfíor-bhóthar

Do ghéillfidh gan aon chor don dTríonóid

An t-aon san den tréan-stoc ón Rinn Róintigh

Go léifidh tú, a Aon-Mhic id ríocht gcumhachtach.

 

Beidh cumhacht de réir dóchais ag Clanna na nGael

Mar d’órdaigh an Mór-Mhac ina athanta féin

Beidh Seán geal ina dtreo súd le feartaibh Mhic Dé

De phór-stoc na hEoghanach gan chanaid, gan chlaon.

 

Is claon ‘s is canaid an caise inar túrlamh Seán

Do thug éamh is atuirse ó Dhaingean go Dún na mBárc

D’fhágais do charaid go dealbh fé chumha, mo chás

A mhic Cháit na nGorm Iasc agus Dhonnchadha Uí Shúilleabháin.