Bothán Dáith
Chuir an tiarna talún fear as seilbh i gCill Urlaí agus bhí ar féin agus a chlann bogadh go bothán bocht dearóil. Tuigtear gur Dáithí Clifford an fear a bhí i gceist agus gur tharla an eachtra am éigin idir na blianta 1850-1870. Bothán Dáith a tugadh ar an áit inar chuir sé fé. Bhí an áit sin ar an dtaobh thuaidh de Chnoc na dTobar, taobh thiar des na Ródaibh. Bhí Bá an Daingin ar a aghaidh amach, farraige agus failltreacha féna bhun. Lá amháin d’imigh dhá ghé an fharraige amach air agus chum sé an t-amhrán seo. Bailíodh an leagan seo ó Phadraig Ó Leidhin, feirmeoir a raibh cónaí air ar an bhFaill Móir, sa bhliain 1936.
The ‘Dáith’ in the title of this is a shortened version of name Daithí. David Clifford of Killurley East was evicted from his home sometime circa 1850-1870's. He and his family were forced to move to an inhospitable spot on the northern slopes of Cnoc na dTobar ’with its back to the sun and its face to the wind’ west of Roads, a couple of miles around the coast from Kells Bay. The song, collected in 1936 from Pádraig Ó Leidhin, a farmer from Filemore, laments two of Daithí’s geese which flew away out over Dingle Bay.
Foinse: CBÉ:269:57-9.
D’imigh dhá ghé uaim féin an fharraige anonn,
Agus an Daingean má théid is baol ná tacfaid de shiúl,
Dhá cheann déag de ghéanna ‘s an aoire ‘sea thugaidís chugham
Agus easnamh do leanaí go bráth a gcuid anraith, feoil agus clúmh.
Tá tigh ins an áit seo go dtugaid siad air Bothán Dáith
Tá a chúl sa ghréin agus a aghaidh sa tsioc,
Tá bascadh ina lár agus báthadh ina bhun,
M’osna trém lár an lá do thána riamh ann.
Mo chreach is mo chás, gach lá mo dheacair, mo dhíth,
Ó cuireadh chun fáin mé sa ghleann i bhfad as an slí,
Gan foithin, gan fál, gan áit agamsa chun suí,
Ach aiteann im chrá go hard agus sceachanna draighin.