Bean na Gruaige Buí

De réir an bhéaloidis d’fhuadaigh na síoga triúr dreiféar as móinéar ar an dtaobh thiar de Ghóilín lá breá fómhair. Cuireadh bean acu go ceantar an Daingin, bean eile go Cill Ó gCróin agus an triú bean go Clochán Mhóir atá ar an gcnoc lastuas do Mhálainn i bparóiste na Dromad. Mór a bhí mar ainm uirthi sin is bhíodh sí le feiscint ag Clochán Mhóir agus í síos suas an Caol ina sprid an mheán-lae. Deirtear go raibh folt breá gruaige ar dhath an óir ag sileadh léi. Is léir gurb é an seanchas seo a spreag Dónall Ó Curnáin ó Mhálainn an t-amhrán seo a chumadh. Bhí an fothrach ar a dtugtaí Clochán Mhóir suite ar an gcnoc lastuas dá thigh féin.

According to local tradition Mór was one of three sisters who was carried by the fairies as they were working in a meadow somewhere Over-the-Water. One sister was brought to Dingle, another to Killogrone, while Mór, the third sister was carried off to Málainn in the parish of Dromid. That sister had flowing golden hair and went by the name of Mór. A small stone hut on the mountainside, the ruins of which can still be seen today, is known as Clochán Mhóir. It was claimed that Mór could be seen as a mid-day spirit walking up and down along a nearby mountain stream. This legend inspired Dan Courtney from Malainn, in the composition of this song “Bean na Gruaige Buí.” The ruin of Clochán Mhóir is situated on the mountainside just above the house where Dan resided.

 

Foinse: CBÉ:505:48-50. CBÉS:Cill Mhic Ciarainn.

 

Maidin aoibhinn Fómhair, gan cheo ná corramhíol

Ar leataoibh ghleanna go huaibhreach ag Clochán Mhóir do bhíos,

Ansúd do dhearcas óigbhean mhaisiúil mhodhúil mhín,

‘S thugas searc thar meoin di, sí Bean na Gruaige Buí.

 

D’fhiosraíos féin den óigbhean cén tuath dhuit nó cén tír,

‘S cad a thug chomh luath thú cois Clochán Mhóir id shuí

Bhfuil súil agat le hóigfhear a thógfadh brón dod chroí,

Nó an bhfuil tú féinigh pósta a Bhean na Gruaige Buí.

 

Do thabharfainn ór le caitheamh duit is airgead dá dhroim,

Bólacht bó bhreá bainne dhuit is scata each a’ Rí.

Scal breá gadhar ag scealg duit [tré réidhchnoc is coill],

Cé gur fada ar fán ón mbaile mé arsa Bean na Gruaige Buí

 

Do fhreagair sí go tláith mé ins na ráitibh meala grinn

Ní pósta ná prasálta  do thána chughat thar tuinn

Dá dtabharfása do lámh dom ní bhfearr liom coróinín an Rí

Mar do thugas searc is grá dhuit dúirt Báb na Gruaige Buí.

 

Ní d’ór buí ná d’airgead do thugas searc a Ríon

Acht dod bhéilín milis meala is dod dhearcadh is dod ghnaoi.

Mar dá bhfaighinnse ríocht na Banban is iníon óg an Rí

Do b’fhearr liom cloí le hainnise is le Bean na Gruaige Buí.

 

Lena linn sin tháinig feothan ó ghrua na Binne Duibhe

Ag casadh ar fuaid na Gualann is á luascadh le ceol sí,

Do dhruideas féin lem stórach is a Dhia na gCumhacht gan teimheal

Ní bhfuaireas rian ná tuairisc ar Bhean na Gruaige Buí.

 

Do chuardaíos Clochán Mhóir di  ‘s Cumar Cluanach síos

Fothrach Sheáin Chróin is tigh Dhomhnaill Bhun an Chaoil,

Do ghreadas liom gach cóngar gur chuas go Bord Eoinín

‘S do chuireas fear ón Lóthar dá fógairt le cloigín.

 

Do chuardaíos féin gach baile dhi trasna, suas is síos

Gach daingean, lios is cathair di, gach mainistir is cill.

A samhail siúd ní fheaca sa dá fhaid a bhíos fé shlí

‘S chaitheas casadh abhaile ansan gan Bean na Gruaige Buí.

 

Nuair a thána um neoin abhaile bhí scanradh mór ‘na gcroíthe

Nuair d’insíos gach a bhfeaca dóibh, is gach baile dár shiúlaíos

‘S deir lucht páipéar is almanaicí gur bean mhór mhagaidh í

‘S ná bainfeadh Aristotle ceart do Bhean na Gruaige Buí.

 

Ba dheas é bheith in aice leat lá beannaithe i gcill

Ba dheas é bheith ar flaige leat tré lár sráidbhaile síos

Tá cúlú leat i ngan fhios dom do dhein dhá leath dom chroí,

Mo chúig céad slán an fhaid a mhairfead leat a Bhean na Gruaige Buí.