Bád na nGealbhánach
Amhrán é seo a chum Seán Jur Ó Móráin ó Bhun an Bhaile i bparóiste Chill Chrócháin, agus é ag cur comhairle ar shaora bád de mhuintir Ghealbháin. De réir an scéil, bhí beirt a dhein an bád ráis le chéile – bhí Seán Mhortí ‘Tos’ Ó Gealbháin, go dtugtaí Seán an Éithigh mar leasainm air, agus Tadhg Ó Gealbháin ón gCoireán. Bhí sé le maíomh ag an mbeirt ná buafadh éinne ar an mbád a bhí déanta acu, ba chuma cad é an cumas a bheadh sa chriú a chuirfí ar na maidí inti. Ach bhí an file agus an scéalaí Seán Jur in amhras agus do chum sé an t-amhrán seo agus é ag cur comhairle ar an gcriú a bhí roghnaithe gan dul sa rás. Tá cuntas maith sna véarsaí ar chuid dos na hainmneacha a bhí ar na báid saighne ag an am. Sa bhliain 1935 a bhailigh Tadhg Ó Murchú an t-amhrán ó Sheán Jur Ó Móráin.
This song was composed by Seán Jur Ó Móráin, a poet and storyteller from Bun an Bhaile in the parish of Kilcrohane. According to the story, two boatbuilders had just completed a new seine boat, of which they were extremely proud. The boatbuilders were Seán Mhortí ‘Tos’ Ó Gealbháin (his nickname was ‘Seán an Éithigh’ i.e. ‘Seán of the lies’) and Tadhg Ó Gealbháin who lived in Waterville. The boatbuilders were so confident in their craftsmanship that they claimed their boat could not be beaten. They even boasted that the boat was so fast it didn’t matter if the crew was weak, it would still win. The poet Seán Jur had his doubts however, and composed this song by way of advising the crew which had been selected to race in the regatta. The song contains some of the names of the seine boats of those times. The song was collected by Tadhg Ó Murchú from Seán Jur Ó Móráin in 1935.
Foinse: CBÉ:147:511-515
‘S a bhuachaillí an bhaile seo is a chlanna mo chomharsan,
Diníg mo chomhairle is ná téidh-se ins a’ bád.
Tá an suaé úd le fada ‘gaibh ó Dhairbhre is Dóinidh,
Ar Daire Fhíonáin Mór agus ar Loch an Choireáin.
Tá Tos agus Gallivan á mhaíomh le mórtas,
Go bhfuil siúl go leor in íochtar a mbáid,
Is ní bhacfaidh siad na fir mhaithe úd a thugadh an suaé dhi,
Le fíor-neart a ngéag is le fuinneamh a gcnámha.
Tá báidín a’ Bhricker is misneach ina taobh air
Ná fuil aon áit in Éirinn ná tógfaidh sí an rás,
Tá fear ó Chuan Unna is na Criomhthanaigh le chéile,
Chun rith ar a Whale úd an lá so ar an gCoireán.
Ó’s tá báidín an Ghearaltaigh déanta go néata
Is ní mholann sé féinigh saothar a lámha,
‘S dá dtéidheadh na fir mhaithe ann is cur lena chéile,
Do thabharfaidís an léid leo ar Loch an Choireáin.
Tá Beitheachán fairsing is Bun Inbhir taobh leis,
Brá Chatharach ar a thaobh deas is gan dearúd Ráth,
Is nach mór an trua Neidí do dhein dóibh sin an Racer,
Ná faigheadh sé aon fhear sa mhéid sin a rámhfadh a bhád.
Anois arú, a Ghallivan, ní chuirfinn síos tú ar aon fhear
Mar tá na gaolta go fairsing mór-dtimpeall san áit,
Caith uait do chleachta agus Seán do chuid éithigh,
Is beir-se gan bhuíochas mar cheann ar an rás.
‘S thiar i mBun an Bhaile tá an chriú is fearr atá in aon bhall
Is gura buan fí ghradam iad is go leanaidh an suaé dhíobh,
Mar tá Banríon na nAingeal a’ guíochtaint chun Dé dhóibh,
Chun an chluiche seo a dhéanamh chun cinn ins an bád.