An Scian

Amhrán breá a cumadh faoin bhfear bocht a chaill a scian lá fhaid agus a bhí sé ag obair ar an dtráigh. Deintear ana-chur síos ar iontaisí na scine agus ar an ndíomá a bhí ar an bhfear nuair a chuaigh an scian amú air. Deintear cáineadh chomh maith ar an té a thóg leis í. Tógadh an leagan ata anseo ó thaifead a dhein Raidió na Gaeltachta le Seán Ó Ceallaigh ó Chill Rialaigh sa bhliain 1980. Ta teacht ar an dtaifead sin ar an ndlúthdhiosca Maidin Bhog Álainn.

A fine song about the loss of a fine knife. The unfortunate man lost his treasured knife as he worked at the shore and in the song he provides us with eloquent descriptions of the knife’s great ability and strength. The version provided here is taken from a recording of Seán Ó Ceallaigh from Cill Rialaigh made by Raidió na Gaeltachta in 1980. The recording can also be found on the CD Maidin Bhog Álainn.

 

Tá scéal agam le n-aithris i gCathair Uíbh Ráthaigh,

Cad a d'imigh sa tráigh orm inniu gan aon bhréag,

Mo scian deas do chailleas go ciotach breallánta,

In imeall na trá agus mé ag obair go dian.

 

Nó do bhí casta steel den gharta inti, scriosta glan géar,

Ó luiseag go barra is í tanaí ina béal,

Gurb é Gabha Gaibhleann do tharraing ar shiolach an áis úd,

Go mbídís ina cheárta chun fearaibh a riar.

 

Nuair a éiríos ar mo leabaidh ar maidin amárach,

Do ritheas an tsráid fé dhéin na ranna go dian,

Do chuas dho lom reatha ó Bharra na Sráide,

Go himeall na trá mar a treascaraíodh Cian.

 

Nó do chuardaíos an ghainimh go gasta is go géar,

Ar eagal í a fhágaint sa bhfarraige im dhiaidh,

Ní raibh craobh ná fleaige dá bhfaca ar an láthair,

Ná do chuireas lem dhearnacha faram soir siar.

 

Ní fhágfadsa seaga, muc mara ná lóma,

Ó Sceilg na róinte go dtí an Chathair gan fiach,

Mar a bhfaighfead mo scian chanta do chailleas ar an bhfeorainn,

I ranna an tráthnóna is mé ag obair go dian.

Ba róbhreá an t-arm í ar mhachaire an áir,

I ndorn Rí Pharis in am an chatha do riar,

Do bhréagfadh sí leanbh ar bhrollach a máthar,

Do bheadh léi trí lá gan aon ní a dhul ina bhéal.

 

Nó dá mbeadh sí aige Samsón ba chalma é an scian,

Sar a deineadh é a bhearradh ar leabaidh chlúimh éan,

Ba dhóigh liom go mb'fhearr í do sheacht n-uaire déag,

Ná an corrán géill asail do mhairbh deich gcéad.

 

Ba ró-bhreá an t-arm í chun maide leamháin,

A ghearradh i gCoill Chárthain gan mhairg dom scian,

Nó i mbualadh Chluain Tairbh ag baint ceanna do pháithnigh,

Dá ndeintí usáid di in am chatha do riar.

 

Nó do ghearradh sí leathar agus tuigithe cliabh,

Is do scriosfadh sí tarbh ó easna go giall,

Sea, go deimhin daoibh do ghlanfadh sí Carraig na bhFiann,

Ón ndúlamán fada a bheadh tagaithe bliain,

 

Is é dearmad an chléirigh dó féin ar an chlog,

Í 'fhágaint im dhiaidh idir bhlade agus cos,

Do scríobh Rí na Gréige chugam scéal leis an bpost,

Í a chur chuige féin is lem shaol ná beinn bocht.

 

Nó do dhiúltaíos don chuinnse a bhí súil in aghaidh an lae agam,

Go sciuirdfeadh an té siúd fé shléibhte na mBroc,

Ba dhein dom san oíche nuair bhínn amuigh déanach,

Is gur fhág sí mé féinigh i m'aonar ag gol.

 

Fán fada gan scaoileadh is droch-chrích ar a gcnámha,

Pé cladhaire bithiúnaigh sciob chun siúil uaim mo ráib,

Tá an chinniúint ina cionn agus tabharfar chun lámha é,

go n-aimsigh an tÚr-Mhac an tsúil ar an dtrá.

 

Nó cloíteacht agus millteacht agus Íosa inár bhfóirthinn,

A chroí siúd go scóltar is go leontar a lámh,

Go síntear a phíb siúd go hard leis an gcorda,

Mar a gcuiridh sé i dtreo mé i gcóir mo scian d'fháil.