An Rógaire Dubh

Nóra Bean de Búrca, 67 bliain d’aois ag an am, a sholáthraigh an t-amhrán seo do Thadhg Ó Murchú sa bhliain 1933. Bhí cónaí uirthi ar an gCois i nDairbhre. Dúirt Nóra go raibh aithne aici ar an bhfile a chum an Rógaire Dubh. Seán Ó Siochrú an ainm a bhí air agus chuaigh sé ar imirce go Meiriceá. Ó Ghleann Beithe ab ea an “Rógaire Dubh.” Ainneoin gaol a bheith acu lena chéile, d’éirigh idir é féin agus Mac Uí Shiochrú lá sa Chathair agus thugadar ana bhearradh dá chéile.

The “Rógaire Dubh”, or ‘black rogue’ featured in the song is said to have been from the Glenbeigh area. One day a bitter argument arose between the ‘Rógaire Dubh’ and a local poet, Seán Ó Siochrú, in a public house in Cahersiveen. Although the pair were related Ó Siochrú had the last word in the composition of this song which contains a litany of insults directed at the ‘Rógaire Dubh.’ Tadhg Ó Murchú collected the song in 1933 from Nóra Bean de Búrca from Knightstown in Valentia. Nóra said she knew the poet, Seán Ó Siochrú, and that he later emigrated to America.

 

Foinse: CBÉ:239:267-270

 

Lá agus mé sa Chathair i mBarra na Sráide,

Bhí gasra sárfhear lámh liom ar phuins.

Bhí fíonta acu ‘á tharrac go fairseag ina chárthaibh.

Is bhí píobaire an mhála a’ fáscadh ar na druis.

 

Sea dhearcas-sa taoibh liom an strachaille gránna,

Bhí gríos tríd ó sháile agus scáil ann ó dhip.

Bhí sé ina chúnsachán galarach a’ faire tí an tábhairne

Agus gan toinnte ar na cnámha aige ach fáin stráice ‘sheana chuilt.

 

A chúnsacháin ghalaraigh nár thaithig puinn sóaltais,

Dob annamh ag ól tú ar bhord go mbeadh puins,

Cad ab áil liom ‘á spreagadh, níl a dadamh id phóca,

Má castar ina threo thú níl gnó agat gan rith.

 

Níl fiú an t-éadach leapan agat, raca ná cómhra,

Glanadh an choinnleora d’aon tsórt níl id thigh,

‘Gus go sciobfaidh an fiach tú agus a shrianta ina cheo tú,

Fé phiantaibh óm chóngar tú, a Rógaire Dhuibh.

 

Chonacsa lá t-athair i bPointe an Chromáin thoir,

Is bhí gainimh go bhásta air shar ar thráigh air a’ lic,

Bhí na faoilinn dá ghreadadh agus é a’ stracadh na mbáirneach,

Bhí a chomhluadar go fánach ‘s gan práta ina thigh.

 

Má aoiríonn tú an barra beidh smearadh ar do phláta,

Ó chapaill (bait) bheidh stálaithe ón muir,

Agus is mó scála maith praisigh is tú ag imeacht thar táirsigh,

Do caitheadh led shálaibh, a Rógaire Dhuibh.

 

[Do mhol Mac Uí Shiocrú ina dhiaidh san é. Bhí gaol aige leis ach pé ní d’éirigh eatarthu, agus dúirt sé:]

 

A bhráthair ar thuigis go gcuirfinn aon bhuairt ort,

De dheascaibh na huaire seo do cheapais a rith,

‘S go bhfeaca-sa tamall thú i ngradam fé thuairim,

Agus iníon duine uasail agat-sa fé chion.

 

Bhí do laighne de bhéaraibh agus do bhéabhar fé ghruth,

Agus léine pléiteálta go hard féna strip.

Bhí puins ar do bhord agus rósta ar do bhior,

Agus tusa mar agent an bhliain daor ar an min.