An Madge

Bád saighne ab ea an Madge a bhí ag criú ó bhun Chnoicín an Mhadra. Bhí an Madge san iomaíocht i rás mór le linn Regatta Phort Mic Aoidh agus san amhrán seo deintear an criú, Dónall Ó Sé agus Conchúir Ó Laoire ina measc, a mholadh go hard. Moltar chomh maith an Loingseach, an saor a dhein an bád, ach cáintear go láidir criú an fhreasúra i mbád Pheaidí Bhuí agus cuirtear ina leith go rabhadar fealltach sa rás. Meastar gur file mná a chum an t-amhrán áirithe seo agus bailíodh leagan de ó Thomás Ó Murchú, Alachaí Mór, Baile an Sceilg, sa bhliain 1938.

The Madge was a famous seine boat manned by a crew from Dogmount. The Madge competed in a big race held as part of the Portmagee Regatta and in the song the crew, which included Dónall Ó Sé and Conchúir Ó Laoire, is praised highly. The boatbuilder Ó Loingsigh also receives mention, but the crew in Peaidí Buí’s boat is severely criticised for some ungentlemanly conduct during the race. The song is believed to have been composed by a female poet and this version was collected from Tomás Ó Murchú, Allaghee More, Ballinskelligs in 1938.

Foinse: CBÉ:S478: 571-575; An tOileánach 1973-74, p.63-64.

 

Tá an rásúr so thiar go dian ar mo lorgsa féin,

Tháinig náire ar mo chluasa nuair a chuala m’ainm á ghlaoch;

Do thógas mo cheann, is do labhras gan eagla leo,

Beidh a fhios acu ar ball cé is túisce thar n-ais go dtí an gCé.

 

Sí an Madge an bád is fearr ó Chaladh go Rinn,

Is an criú leathan láidir is breátha is is deise a rámhaíonn;

Tomás ar a’ stiúir ‘s is lúfar mear do bhí a chroí,

Sé dúirt an captain beidh an sway acu má mhairfimse beo

 

Theas ar an gCathair Bearnain d’fhás an fráma a cuireadh sa Madge

Is i gCorcaigh do saileadh an clár a bhí stálaithe i gceart,

Sé an Loingseach a dhein í ‘s ar an slate a tairgíodh amach

Agus thug sí an suaé léi ins ns haon áit a mbíonn Regatt.

 

Níl mo bheannachtsa le fáil go bráth ag Pádraig Buí,

Nár scaoil linn an rás nuair ná raibh sé ábalta ar tharrac chun cinn;

Dá bhfaighimís fair play ó Ghóilín Dairbhreach síos,

Bheimís ag an gCé mo léan sara mbeidís leath-slí.

 

Tá mo bheannachtsa le fáil ag an sárfhear soineanta ceart,

Do bhronn orainn bád an lá a chuamair sa Chathair isteach;

Do thug sé dúinn ól agus spórt an fhaid a bhí inár measc,

Age Dochtúir Spotswood atá fios cé is fearr an fhaid a mhairfidh an Madge.

 

Tá mo bheannachtsa le fáil ag an sár-fhear soineanta leomhain,

Nár fhág ar an dtráigh gach bád dá raibh déanta acu nua,

Nuair a caitheadh an piléar sea d’éalaíodar tamaillín romhainn

Sé dúirt an Captaen: “Beidh an suaé againn má mhairimse beo.”

 

Is a Dhomhnaill Uí Shé ná téadh aon scaipeadh ort go bráth,

Ná ar Chonchúir Ó Laoire an séimh-fhear cailce gan cháim;

Nár thagaigh aon léig sa tsaol ar an saor úd a leag uirthi tál

Beirimse an suaé agus an chraobh do chaptaen an bháid.

 

Tá said a’ rá gur sa bhád a bhí an fuinneamh ar fad,

Ach deirimse leo nach ea ach in acmhainn na bhfear;

Nuair a fhágaid sa tsnámh í go gcoimeádaid an t-iomaire i gceart

Gach aon bhuile lena chéile ná tréigid, ó imíd go dtagaid thar n-ais.

 

N’fheadar na comharsain fós cad é an smior atá inár gcroí,

Nuair ná feicidís lá fórsa sinn i bhfarraige chun cinn;

Dá mairfeadh Rí Seoirse do gheobhainn ar pension gan mhoill

Is do thabharfaimís an suaé is an chraobh linn go Bun an Chnoicín