An Gheadach Dá Crú sa Ghleann

 

Amhrán a bhaineann le ré na ndeachúna nuair a cuireadh iachall ar Chaitlicigh íocaíochtaí a thabhairt d’Eaglais na hÉireann. Deirtear gurb é an file Diarmuid Ó Failbhe a chum an t-amhrán timpeall na bliana 1831. De réir an scéil bhí baintreach thiar sa Ghleann agus ní raibh aici ach an t-aon bhó amháin. Nuair a theip uirthi na deachmhaithe a íoc baineadh di an bhó. De réir eolais ó Phádraig Ó Laoghaire ó Bhaile na bhFlann, b’í a shín sín sín seanmháthair féin a bhí i gceist. Máire (Ní Fhailbhe) Uí Néill ab ainm di, deirfiúr leis an bhfile. Tá drochcháil tairgthe ar go leor daoine san amhrán. Ina measc tá Rev. Mr. Chute a mhair in aice Phort Mhic Aoidh, Mr. Denny ó Thrá Lí agus Mr. Madden, máistir poist i gCathair Saidhbhín. Is minic ‘geadach’ mar ainm ar bhó go mbíonn réiltín bán (gead) ar a héadan aici.

This song belongs to the era of the infamous Tithe War of the 1830s. The period was characterised by agriarian unrest with Catholic farmers deeply unhappy about the tithes which had to be paid to the Church of Ireland. The song was composed by a local poet Diarmuid Ó Failbhe and tells of an old woman who lived in the Glen. When the widow failed to pay the tithe the cattle drivers came to take away the only cow she had in her possession. According to information provided by Pat O’Leary from Baile na bhFlann, the old woman in question was his great-great-great-grandmother, Máire (Ní Fhailbhe) O’Neill, a sister of the poet. Some of those involved in the confiscation of the cow are mentioned in the song including Rev. Mr. Chute who lived near Portmagee, Mr. Denny from Tralee and Mr. Madden, a postmaster in Cahersiveen. ‘Geadach’ is a name often given to a cow that bears a white star (gead) on its forehead.

 

Source: Pat O’Leary, Baile na bhFlann (Binneas Collection); Fenton, J. (1914) Amhráin Thomáis Ruaidh: The Songs of Tomás Ruadh O’Sullivan, p.99-100.

 

Fonn: Ceo draíochta

 

A dhaoine nó an díth libh na scéalta

Do hinseadh aréir dom tar éis luí,

Go raibh an Suibhneach dá insint is Dónal,

Ná díolfaí aon fheoirling deachmhaí;

Beidh an Spáinneach agus a loingeas go gléasta,

Thar sáile go hÉirinn gan mhoill,

Beidh an lá acu agus Páithnigh dá dtraochadh,

Is tiomáinfeam drivéirí ón gCill.

 

Is a bhuachaillí gluaisíg le chéile,

Go huasal go dtéam seal don Ghleann,

Chun na gcluas a bhaint anuas de dhrivéirí

‘S iad a ruagairt as Éirinn in am;

Beidh sliocht Liútar is Brúnaigh go tréith lag,

Beidh Tiút [i.e. Chute] agus Déanna go fann,

Brúfaimíd brúidí an Bhéarla

Is beidh prionsa na nGael ceart mar cheann.

 

Is dubhach liom gan cúnamh im theannta

Chun an bhrúid a chur ag damhas seal ón gCill,

Nó an cnútach thar triúchaibh ón nGleann so

Le húrghas den choll nó don draighean;

A shúile go mbrútar ina cheann súd,

Is sciúirse ró-lom ar a thaoibh

Leis an úr-Mhac, gan chuntas, do labhraim,

Is a chúram le fonn ar an dtuinn.

 

Faightear dom arm is púdar

Go dtéam seal ag cúmhangas na nGall,

Fágfam lag marbh an Tiúiteach,

Is beidh Meaidin ‘na chnútach gan cheann;

Beidh deachmhaithe leagtha ar gcúlaibh,

Is an aicme úd Liútair go fann,

Is leogfam abhaile ar a dúchas

An Gheadach dá chrú insa Ghleann.

 

Is scríobhfad-sa líne le héifeacht,

Mór-thimpeall na hÉireann gan mhoill,

Dá insint le brí ceart mo scéil-se,

Cad é an chuing atá dtaoibh na ndeachmhaí;

Beidh meeting ar thaoibh chnoic ag Gaelaibh,

An Loingseach, drivéirí ón gCill,

An Suibhneach, is a chlaíomh ar a thaobh deis

Dá ruagairt le chéile thar tuinn.