An Fáinne 

Tagann an t-amhrán seo le nós na haislinge. Aimsíonn an fear fáinne óir ar bhruach na habhann ach nuair a phriocann sé suas é titeann sé uaidh agus cailtear é. Gan choinne, tagann bean álainn faoina bhráid. Deineann an fear an bhean álainn a cheistiú agus í á mholadh go hard aige. I ndeireadh an amhráin freagraíonn an spéirbhean é agus tugann le fios gurb í Éire atá ann. Fionán Mac Coluim (1875-1966) a bhailigh an leagan seo den amhrán. Tá leagan taifeadta breá a dhein RTÉ le Máire de Barra le fáil ar Maidin Bhog Álainn a d’eisigh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh sa bhliain 2001.

This song belongs to the traditional form of the ‘aisling’ which developed during the late 17th and 18th centuries. The man finds a ring on the bank of a river which he drops. He is unable to retrieve it. A beautiful woman, or a ‘vision’, suddenly appears before him. The man asks the woman to reveal her identity. He praises her beauty throughout the song. The woman finally gives in and announces that she is in fact ‘Ireland’. This version of the song was collected in the 1930s by Fionán Mac Coluim (1875-1966). An RTÉ recording of the song, performed by Máire de Barra, can be found on the CD ‘Maidin Bhog Álainn’, issued by Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh in 2001.

Foinse/Source: Finghin na Leamhna, Amhráin na nGleann (1939), p. 40.

 

Fonn: ‘An Táilliúirín Magaidh’

 

Do bhíos-sa lá maidine ‘s mé ag taisteal cois Abhann na Slaod,

Fáinne do dhearcas ar iomaire lom gan féar.

Thugas léim fé go hobann, is ní socair a bhíos im’ chéill,

Nó gur thit sé as mo dhorn, is ba dhoilbh an uain dom é.

 

Ar bruach na tuinne ‘sea chuireas an fáinne amú,

Ansúd ‘sea do dhearcas an ainnir-bhean álainn fhionn;

Bhí a grua mar an luisne, is a gile mar bhláth na n-úll,

Is do mheall sí i ngrá mise, ‘s níor leig sí mo shláinte liom.

 

Bhí lítis ‘na leacain ag caismirt trí lonramh caor,

‘S ba chaoile í ar a mala ‘ná deais ag an údar léinn;

Ba ghlaise í ar a dearcaibh ná seamar bhog dhrúcht den bhféar,

‘S a béal tanaí meala nár cheap is nár chum riamh bréag.

 

Ba ghile í ná an sneachta ‘s ná an eala ar an dtuinn ar stad,

‘S ná an blath bán ar chrannaibh i gcionn scaithimh den tsamhradh amach;

Mar a mbailíonn na beacha a gcuid meala le tiúscal cheart,

Mar stór i gcomhair a chaite nuair a chasann an fuacht ar theacht.

 

Bhí a folt fada, muireannach, snaimineach, táitheach, fionn,

Ina beartaibh léi ag titeam, ‘s gach ribe dhe ag fás go drúcht;

Bhí luisne trí ghile ag iomaidh gan fáth ina gnúis

D’fhúig támach lag mise, ‘s mar thuigim, na táinte liúm.

 

An fíor gur tú an bhruinneall ó Chonall, chun fáin do sciuird,

Nó an fíor gur tú an bhruinneall go deimhin do phléidh an t-úll?

An fíor gur tú an bhruinneall as a coinne gur traochadh Conn,

Nó Tétis mhilis, bean dhlisteanach dhé na dtonn?

 

An fíor gur tú an ainnir gur cailleadh léi mílte flaith,

Nó Prospée an bhean chailce gur dá deascaibh do chloíodh an fear;

Nó an dea-bhruinneall reatha úd gur lean í go hÉirinn Dailc,

Do dhroim tonntacha farraige ag taisteal i gcéin thar lear.

 

An fíor an tú an ainnir do thaisteal ón nGréig thall chughainn,

Thug na seacht míle pearsa don arm ghlan ghléasta a dtiúin;

Gur buaileadh léi cath ‘s do cheangail go daor mac Cumhaill,

‘S do thug cuireadh chun caite mar scanaill dá thréadaibh clúmhail?

 

An fíor, an tú an ainnir gur cailleadh léi mílte laoch.

Thug Páris abhaile thar caladh ‘na árthach féin;

Go ndeaghaidh capall maide dá tearmain spás don Trae

Le súil le hí chasadh ‘s gur cailleadh na táinte léi?

 

Ó chuais comh fada ‘s gur deacair dom féin dul díot,

A sháir-fhir cailce tá’r mearathal mór dá dhroim;

Éire atá sladaithe ag ál an fhill,

‘S is gairid go gcaithfeam-na seasamh go cruaidh fén gclaíomh.