An Cárthach

Spailpín bocht ab ea an Cárthach a d’fhág Uíbh Ráthach agus chuaigh ag obair d’fheirmeoir mór suas faoin dtír. Ba ghnáthach d’fhir ceantracha bochta cosúil le hUíbh Ráthach, a fhágaint sa 18ú agus 19ú haois agus slí bheatha a bhaint amach ag spailpínteacht. San amhrán seo deineann an spailpín cur síos ar an gcruatan a d’fhulaing sé agus é ag rómhar sna páirceanna. Is beag meas atá aige ar an bhfeirmeoir a thug obair dó agus deir sé gur caitheadh go holc leis. Ba dhóbair dó bás d’fháil de bharr na hoibre, a deir sé, agus caitheadh fios a chur ar an ndochtúir. Maire Ní Mhurchú, a bhí ar scoil i mBaile an Sceilg i 1938, a bhailigh an t-amhrán seo ó Phádraig Mac Criomhthain (52 blian d’aois), ó Chill Urlaí, Baile an Sceilg.

The Cárthach was a poor spailpín or farm labourer who left his native Iveragh to work for a farmer in another county. Seasonal migration of such labourers from less fertile coastal areas such as Iveragh was a common occurrence during the 18th and 19th centuries. In this song the labourer describes the hardship he encountered while working with his spade in the fields. He is highly critical of his employers and resents their unkind treatment of him. Indeed the Cárthach claims that he worked himself to the point of exhaustion, so much so that he required the treatment of a doctor to revive him. Maire Ní Mhurchú, a pupil at Ballinskelligs National School in 1938, collected the song from Pádraig Mac Criomhthain (52 yrs), Cill Urlaí, Baile an Sceilg.

 

Foinse: RBÉ: Bailiúchán na Scol (Baile an Sceilg) 515-518.

 

Cuirim Cúig chéad slán chun Uíbh Ráthaigh mar a rugadh mé óg,

Agus chun na mná úd d’fhágas-sa, a tháil orm sealad faoi dhó,

An gasra grámhar a bhíodh taoibh liomsa sealad ag ól

Ná fágadh mo ramhann béal anairde is í trasna sa bhfód.

 

Do bhí seanduine mílítheach ann – céad threigid air nó a maireann dá shórt,

Ar iompáil na liaba is ar Thadhg a luíodh deireadh na bhfód,

Ach go bhfeicim mé greim air gan faoiseamh ná scarfaidh go deo,

Is gurb é an Diabhal is fearr oidhre air gan radharc ar na Flaithis go deo

 

Do bhí caille ramhar buí ann ’s sí Síle í is nár bheir uirthi an Fómhar,

Gur cosúil le caoire í do bheadh líonta do bhreasal nó dhód,

Chun bídh nuair do shuíomarna timpeall béile eadartha bó,

Gur chuir sí suas cnaoitheach bhí taoibh liom nó tamall im dheoidh.

 

Do shíleas dá ngearánfainn mo chás nárbh aon dochar leo é,

Do rugas ar mo ramhann ’s is ábalta a dheinim léi rómhar.

Ins an ngráscar go dtáinig an Cárthach chun barraigh suas leo,

“Tá an lá aige” arsa an máistir “mo náire é is mhaithis go deo.”

 

Ó’s fliuch atá m’éadan agus dhá thaobh mo leacan anuas,

Do bhí allas im léine ‘s is tréan mar a shileadh mo ghrua,

Bhí mo dhá ghéag bochta ag pléascadh le hana-chuid duaidh,

Is a leithéid siúd d’éirleach n’fheaca in aon áit ó casadh mé ar cuan.

 

Ag deargadh mo phíopa ní bhfaighinn suí ag a bun ná ag a barr,

Nach é an ten penny tuillte é céad díth air is deacair é fháil.

Dá mbeinn-se in Uíbh Ráthach mo chairde ná leogadh mé síos,

Tá mo shúil le Rí na nGrást gur gearr go mbead eatarthu arís.

 

Do chuimhníos ar Nóra – mar is dócha gur mheasa léi bhíos,

Is an chuid eile des na comharsain ná fágfadh mé in easpa ná díth,

Do ghoilleas mo dhóthain is do bhí deoracha ar sileadh liom síos

Do dhruideas óna gcóngar is gan de chomhar orm ach uiscealach mín.

 

Tháinig dochtúir im láthair ‘s is fáilteach roimis a bhíos,

Do bhain fuil as gach láimh liom is do tháinig an laige ar mo chroí

Gurb é dúirt sé ní bheidh nád ort beir id shean-rith chomh maith is bhí.

Is beag do shíleas an lá san ná go bráth go dtiocfainn thar Droing.