Amhrán na Leabhar
Ceann des na hamhráin is cáiliúla dar chum file mór Uíbh Ráthaigh Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1848). Is minic a chloistear é á chasadh in Uíbh Ráthach fiú sa lágo fóill. Deintear cur síos ar dhíomá Thomáis Rua tar éis dó a chnuasach mór leabhar a chailliúint sa bhfarraige fhaid is a bhíodar á dtabhairt i mbád ó Chathair Dónall go dtín gClaladh nó Port Mhic Aoidh. Ta an leagan a chuirtear ar fáil anseo bunaithe ar thaifead a dhein Raidió na Gaeltachta le Eibhlín de Brún thart ar 1980. Tá suas le 9 véarsa eile sa bhunleagan a bhailigh Séamus Ó Fiannachta agus ata I gcló ina leabhar Amhráin Thomáis Rua, ach is gnáthaí ná castar ach an chéad dhá véarsa sa lá atá inniu ann.
Arguably Tomás Rua Ó Súilleabháin’s (1785-1848) most recognised composition, Amhrán na Leabhar is one of the few songs in the Irish language which can still be heard in Iveragh today. The song laments the loss of the poet’s vast collection of books as they were being transported by boat from Caherdaniel to Portmagee. The version provided here is based on a beautiful recording of Eibhlín de Brún made by Raidió na Gaeltachta c.1980 and can be found on the CD Maidin Bhog Álainn. The original song, collected and published by Séamus Ó Fiannachta in 1914, contains an additional nine verses, but nowadays, generally only the first two are sung.
Go Cuan Bhéil Inse casadh mé, cois Góilín aoibhinn Dairbhre,
Mar a seoltar flít na farraige thar sáile i gcéin.
I bPortmagee do stadas seal, fé thuairim intinn maitheasa,
D'fhonn bheith sealad eatarthu mar mháistir léinn.
Is gearr gur chuala an eachtra ag cách, mo léan,
Gur i mBordóinín do cailleadh theas, an t-árthach tréan,
Do phreab mo chroí le hatuirse i dtaoibh loinge an tíosaigh chalma,
Is go mb'fhearrde an tír í 'sheasamh seal do ráib an tséin.
Mo chiach, mo chumha is m'atuirse, mé im iarsma dubh ag ainnise,
Is mé go síoraí ag déanamh marana ar mo chás bocht féin,
Mo chuid éadaigh chumhdaigh scaipithe, do bhí déanta, cumtha, ceaptha.
Is do thriall thar thriúchaibh Banban, mar bhláth fém dhéin.
Iad a bheith imithe san bhfarraige ar bharr an scéil,
Is a thuilleadh acu san lasair is mé go támhach trém néal,
Ba thrua le cách ar maidin mé go buartha cásmhar, ceasnaithe,
Is an fuacht do chráigh im bhallaibh mé, gan snáth ón spéir.