Amhrán an tSaighdiúra
Amhrán é seo fé fhear ó hUíbh Ráthach a chuaigh in arm na Breataine tráth. Ní tugtar le fios cén tréimhse atá gceist ach ós rud é go bhfuil na West Indies luaite, tharlódh go mbain sé leis an West Indies Campaign 1804-10 a tharla le linn Chogaí Napoléon. Ag deireadh an 18ú aois agus tús an 19ú aois tháinig méadú mór ar líon na nÉireannach a liostáil in arm na Breataine. Bhí reisimintí de bhunadh na hÉireann páirteach i gcathanna sa Mhuir Chairib, reisimintí cosúil leis na Connacht Rangers agus na Royal Irish Fusiliers. Caitlicigh bochta ab ea móran díobh, a chuaigh le saighdiúireacht in iarracht éalú ón mbochtannas agus slí bheatha a thuilleamh. Tá cur síos breá ar éide agus arm an tsaighdiúra san amhrán seo mar aon leis an gcruatan a bhain leis an gcogadh. Máire Ní Mhurchú ó Bhaile an Sceilg a bhailigh an t-amhrán sa bhliain 1937. Mártan Ó Murchú ó Baile an Sceilg a thug di é.
This is a song about a man from Iveragh who joined the British Army. It’s not clear which era this song belongs to, but as the West Indies are mentioned, there’s a strong possibility that this soldier fought during the West Indies Campaign of 1804-10. The end of the 18th century and the early 19th century saw a large influx of Irish soldiers. Many of these soldiers came from poor Catholic families. Irish regiments such as the Connacht Rangers and the Royal Irish Fusiliers were involved in battles in the Caribbean. For many of the Irish, joining the British Army was a means of escaping poverty at home and earning a wage. This song describes the uniform and weapons and equipment of a soldier, as well as the hardship he encounters. The song was collected by Máire Ní Mhurchú from Ballinskelligs in 1937. Mártan Ó Murchú, Ballinskelligs gave her the song.
Foinse: CBÉS:477:540-5
Dá mbeadh fhios agem mháithrín is í bheadh go cásmhar,
Gorta is an gátar a fuaireas acu;
Im leadhbadh le cána óm bhathas go dtí mo shála
Is gach alt dem chnámha-sa chomh dubh leis an ink.
Ansúd do bhíodh disaster dá gcartadh ‘s dá gcáthadh,
Gan tointe ar a gcnámha ná snáth ar a gcruit;
Ar diúgadh na gcartaibh do bhídís liostálta,
Is a chomharsain na n-árann níl amhras ach ar sin.
Is ró-ghearr gur dhearcas-sa gunna ar mo bhachlainn,
Shoulder belt agam, mo pouch ar mo chrios,
Mo sheomairín leagaithe thiar ar mo phan agam
Down Priming a chaitheamh leo siar go dtí an bun.
Do bhí cuicéad ar chnaipe agam, slinne do bhí glas agam,
Steel agus canister, screen agus flint,
Do bhí trí feirc im hata agam, feirc agus maing air,
Agus lámh ar mo bhagnet thiar ar mo hip.
Do bhíos-sa riamh aerach agus smúit ag an saol orm,
Sasana, Éire, Dane agus Dutch,
An captain ‘s an máistir, an t-invite ‘s an Cardinal,
Dheinidís ácht díom le méid mo chuid suilt.
An spórt nuair do bhínn-se, margairín ar gach camtha,
Mealadh mná gabha le lionn is le puins;
Bhíodh drumaí lem shála, ceol fife agus fring-ála
Mo ghunna im láimh is mé ag lámhach na bhfear ndubh.
Sheasaíomair puimhin de nuair a gheibhmair thar taoide,
Ansúd do bhí guíeascairt gur dhoirteamair fuil;
Ar phic is ar gharda sea leonadh mo shláinte
Agus ar phointe an mhí-áidh sea do ráiníos acu.
Thugas naoi n-oíche gan síneadh ar aon taobh liom
Ach púdar is piléir is na spéarthaibh ar crith;
Ní raibh paidir ná Cré againn ná cuimhneamh ar aon rud,
Ach blood anains?? caorthainn, faobhar agus fuil.
Ins na West Indies a crádh is do leonadh mé im shláinte,
Tré choillte gan áitreabh gan áirithe agam ,
Go bhfuarathas mé lán lag i bhfad ó mo chairde,
Is gan éinne acu láimh liom chun gártha ná goil.
Dob é Rí geal na gréine thug choíche as súd saor mé
Agus níor fhág mé im’ phaor age béaraibh an oilc
Is gur suarach an éislig do fuaireas ón méid sin
D’fhág pinsean lem shaol agam féinig as san.
Sé dúirt an Sáirsint nuair a bhíos-sa boundálta
Come give up your arms, your pouch and your belt,
Go home to your parents, you are not fit for service
Is go rabhas-sa lán d’áthas dá bhfágfaí mé im gheilt.