Amhrán an Mháistir Rinnce
Amhrán a bailíodh ó Dhónall Ó Curnáin, Málainn. Baineann sé le máistir rince agus bean óg a d’éalaigh i dteannta chéile. De réir an tseanchais bhí scoil rince ag Céin nó Cian Ó Mathúna ar an dtaobh thoir den Chumar, ar an dteorainn le Cill Mhic Iarainn. Deirtear gur ó Bhéarra don Mathúnach. Ó Chlochán Cárthainn ab ea an bhean óg a d’éalaigh leis – Neilí Bhán Ní Dhonnchú. Bhí sí pósta cheana féin ar fhear de mhuintir Mhuircheartaigh i gCeann Boireann ag an am. D’éalaíodar lena chéile ach do chuir muintir Shíocháin Inse na Scairte scéala fé thóin go dtína muintir agus thánadar san agus bhaineadar de í.
A song about the elopement of a local woman and a dance master, collected from Dan Courtney, Málainn. The dance master, Céin or Cian Ó Mathúna, was originally from the Beara Peninsula, but he had a dance school established in Cumar not far from Killmackerrin. The young woman with whom he eloped was originally from Cloghane Carhan near Cahersiveen. Her name was Neilí Bhán Ní Dhonnchú, married to a Moriarty man in Canburrin. Following their elopement the Sheehans of Inse na Scairte in Dromid sent news of their whereabouts to the young woman’s family, who promptly arrived and brought their daughter back home. In the song the dance master laments the loss of his loved one, but also places a curse over the Sheehans of Inse na Scairte.
Foinse: CBÉ:862:379-82
Tá scéal agam díbh a mhuintir na bhfearann lastuaidh,
Go bhfuil ainnir sa tír seo bhí liom sealad go mór,
Ach dá mairfeadh mo mhuintir atá sínte lag marbh san uaigh,
Ní ghlacfainn bhuathu í ná dhá thaoibh Cheann Boirinn fé bhuaibh.
Do shláinte fé dhúir, a ríog-bhean thaithnimheach séimh,
Do ghluais liom trí thíortha líonta d’aiteann is d’fhraoch
Chun gur casav faraoir mé Cois Uíne i mbaile ’mbun sléibhe,
Do bhain mo bhean díom agus do scaoil mé sealad ar straé.
Sa Phríoracht atá na sáirfhir nár chealaigh riamh mé
Mar táid siad álainn, grámhar, cairdiúil, séimh,
Na fir is na mná go bhfuil na grásta acu ó Fhlaitheas na Naomh,
Nár imígh aon smailc ar a sláinte le feartaibh Mhic Dé.
Tá baile Cois Uíne is gach mí go dtitfidh ann pláigh,
An fiabhras buí go ndítheoidh a ndeireadh as an áit
Tuile de dhroim tíorach le díomas Mhic Muire na nGrást
Do sciobfaidh na Sheehans ó Inse na Scairte go brách!
Do b’fhearra led’ father, a bhánchnis an fairceallach buí,
Go mbeadh cruach aige is stáca, is nár ghnách leis tagairt thar fíon,
Go mbeadh a cheann trína chába agus a bháltaí dubha caite ón ndíg,
Ná an preabaire máistir ba ghalánta i dtigh an tábhairne ag díol.
Tá agamsa eastát, mo shláinte agus fuinneamh mo ghéag,
Ar phaideac nó ar pháirc, ba bhreá é mo rith is mo léim,
Mo chos dheas ar clár is nach álainn mar bheirim léi an suaé
Agus greadadh ar na mná so go brách a bheadh cortha ’mhac Céin.
Do thugas grá cléibh dá béilín meala na bpóg,
Is a dá malaí caola ba néata dá bhfeaca riamh fós,
Ba chosúil le Vénus í taobh liom ag taisteal an ród,
Is ’á tarrac ar véarsa ’sé mo léan mar do mheath ar ár gcóir.