Amhrán an Fuiscí

Amhrán óil a chum an file Seán Brúnach Ó Súilleabháin agus ceiliúradh á dhéanamh aige ar phraghas an fuiscí a bheith titithe. Ó Bharr na Sráide i gCathair Saidhbhín ab ea Seán Brúnach a deirtear agus bhí sé de cháil air go bhféadfadh sé an ruaig a chur ar fhrancaigh lena chuid véarsaíochta. Bailíodh an t-amhrán ó Phádraig Ó Súilleabháin (70 bliain d’aois) ó Chúm Dhá Stabha sa bhliain 1938.

A merry drinking song composed by Sean Brúnach Ó Súilleabháin, where the poet celebrates a drop in the price of whiskey. Sean Brúnach is believed to have lived in Barr na Sráide in Cahersiveen, and is was claimed that the power of his poetry could rid a house of rats. This song was collected from Padraig Ó Súilleabháin (70 years of age) from Coomastow in 1938.

 

Foinse: CBÉS:Cill Mhic Iarainn: 262

 

Tá scéilín beag nua agam le hinsint

Agus is cóir é chraobhscaoileadh go hard

Go bhfuil an biotáille gach lá dul níos saoire

Agus áthas mo chroí orm dá bharr

 

Dom chairde dob fhearr liom é insint

Siad ba ghnáthaí na suí ar ceann cláir

Mór chártaibh d’fháil ar trí réal di

Agus cairde trí mhí chun reicneáil

 

‘S ó thit sé chun talaimh chomh mór san

Go mbfhearr suí suas ar ceann cláir

Suíochán d’fháil is ní fónta é

Ó mhaidin Dé Luain go dtí an Mháirt

 

Nach ró-mhaith an tinneas dochtúra é

Fuiscí breá cumhra d’fháil saor

Mar tógann sí an brón as an smúit dínn

Agus deineann sí súgach gach naon

 

An seanabhean do bheadh sínte sa chúinne

Le seacht mbliana fén súsa is í i bpéin

Nuair a ólfadh sí lán an leath phiúnt di

Is tapaidh mear lúfar a léim.